Fógraíonn an tAire Butler dúbailt ar an méid maoinithe a bronnadh ar thionscadail taighde mheabhairshláinte go €7 milliún
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD, dúbailt ar an maoiniú do thaighde meabhairshláinte, i gcomparáid leis an meánmhéid mhaoinithe inchomparáide le cúig bliana anuas.
Tacóidh an maoiniú €7 milliún le tionscadail taighde mheabhairshláinte a chur chun cinn tríd an mBord Taighde Sláinte (HRB), faoin mbeartas náisiúnta meabhairshláinte Comhfhís agus de réir Ráiteas na Roinne Sláinte ar Thosaíochtaí Taighde.
Leithdháileadh an maoiniú seo le linn 2023, le babhtaí maoinithe breise, a bhaineann go sonrach le taighde meabhairshláinte agus le Comhfhís, le tarlú le linn shaolré an bheartais (2020-2030).
Tríd na tionscadail taighde mhaoinithe seo, aimseofar fianaise thábhachtach agus inghníomhaithe chun tacú le feabhsuithe meabhairshláinte i réimsí cosúil le:
Ar fud an domhain, aithníodh le fada nach bhfuil a dhóthain maoinithe curtha ar fáil do thaighde meabhairshláinte i gcomparáid le réimsí eile galair (fhisiceacha), go háirithe i gcomhthéacs ualach galair, agus is iondúil go mbíonn formhór na hinfheistíochta do thaighde meabhairshláinte curtha ar fáil do bhuntaighde amháin, seachas do réimse leathan gnéithe a bhaineann le meabhairshláinte.
Léiríonn an maoiniú €7 milliún seo infheistíocht leanúnach agus fheabhsaithe an Rialtais i dtaighde meabhairshláinte na hÉireann. I measc na dtionscadal maoinithe ag an HRB, tá tionscadail thaighde agus comhaltachtaí atá faoi stiúir imscrúdaitheoirí, chomh maith le dhá dhámhachtain níos mó, trí scéim nua Deontas do Chlár Feidhmeach HRB inar sainaithníodh meabhairshláinte mar thosaíocht théamach ann.
Cuimsíonn an infheistíocht mhéadaithe raon topaicí taighde feidhmeacha, maidir le taighde cliniciúil, sláinte an daonra agus seirbhísí sláinte, gnéithe a dhéanann tagairt do Comhfhís, chomh maith le bonn fianaise a chur leis chun fheabhsuithe seirbhíse a chinntiú amach anseo.
Dúirt an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD:
“Tá a fhios againn go mbeidh fadhb mheabhairshláinte ag ar a laghad duine amháin as gach ceathrar ar domhan ag pointe éigin ina saol agus tacóidh an taighde seo lenár dtuiscint a fheabhsú ar cad iad na hidirghabhálacha nó na straitéisí éifeachtacha, cén áit agus cé dóibh atá siad.
“Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar na feabhsuithe ar an tseirbhís mheabhairshláinte atá ar bun againn a bhailíochtú le raon tionscadal taighde fianaise-bhunaithe i ngach réimse den chúram meabhairshláinte. Bainfear úsáid as an €7 milliún de mhaoiniú Rialtais seo chun feabhas a chur ar an méid sonraí agus saineolais atá ar fáil chun torthaí a fheabhsú do dhaoine le deacrachtaí meabhairshláinte sa tír seo.Áireofar sa taighde fianaise ar dhea-chleachtas i soláthar seirbhísí meabhairshláinte agus éascóidh sé seo feabhsuithe spriocdhírithe ar sheirbhísí thar shaolré Comhfhís.
“Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le faighteoirí na ndámhachtainí maoinithe agus guím gach rath orthu agus ar a gcomhghleacaithe leis an obair thábhachtach agus riachtanach atá déanta acu."
Dúirt an Dr Mairéad O'Driscoll, Príomhfheidhmeannach an HRB,
“In 2023, bhíomar in ann ár n-infheistíocht i dtaighde meabhairshláinte a mhéadú mar thoradh ar mhaoiniú tiomnaithe agus leanúnach a chuir an Roinn Sláinte ar fáil faoi Comhfhís.
“Leanfaidh an HRB ag tabhairt tacaíochta do thaighde meabhairshláinte atá ar ardchaighdeán, comhoibríoch agus feidhmeach chun forbairt agus torthaí dearfacha a chur chun cinn don chúram sláinte agus sóisialta, don tsochaí agus don gheilleagar. Mar bhall den Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Mhaoinitheoirí Taighde Meabhairshláinte, comhoibreoidh muid le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun a chinntiú go ndéanfar taighde meabhairshláinte in Éirinn de réir an dea-chleachtais ar fud an domhain."
Anuraidh faoi mholadh 93 den bheartas náisiúnta meabhairshláinte, Comhfhís – Beartas Meabhairshláinte do Chách (2020-2030), bhunaigh HRB Sainghrúpa Taighde Náisiúnta Meabhairshláinte chun comhairle agus treoir neamhspleách a chur ar fáil chun bonn eolais a chur faoi straitéis náisiúnta taighde meabhairshláinte a fhorbairt. Tháinig an Sainghrúpa le chéile ceithre huaire in 2023 agus leanfaidh sé de theacht le chéile go míosúil, le plean chun an straitéis a fhoilsiú in 2024.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin HRB maidir le forbairt na Straitéise Taighde Náisiúnta Meabhairshláinte.
Seo a leanas sonraí fhaighteoirí mhaoiniú HRB sa mheabhairshláinte in 2023: