Seolann an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí an Plean Náisiúnta um Chosc ar Ailse Craicinn 2023-2026
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton TD an Plean Náisiúnta um Chosc ar Ailse Craicinn 2023-2026 inniu.
Is í ailse chraicinn an ailse is coitianta in Éirinn, le thart ar 13,000 cás nua gach bliain. Táthar ag tuar go ndúblóidh an uimhir seo faoi 2045.
Is féidir formhór na gcásanna a chosc trí iompraíochtaí cosanta craicinn a leanúint áfach.
Arna fhorbairt ag an gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse i gcomhpháirtíocht le Sláinte Éireann, críochnaíodh an Plean Náisiúnta um Chosc ar Ailse Craicinn 2023-2026 i gcomhairle le carthanais ailse, gairmithe cúram sláinte agus eagraíochtaí náisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí tosaíochta.
Tógann sé ar an mbunchloch d'fheasacht an phobail a cruthaíodh tríd an bplean bunaidh a bhí i bhfeidhm ó 2019 go 2022.
Áiríonn sé roinnt gníomhaíochtaí a ceapadh chun díriú ar ghrúpaí sonracha a sainaithníodh mar ghrúpaí atá an-leochaileach ó thaobh damáiste UV de.
Ina measc seo tá leanaí agus daoine óga, oibrithe lasmuigh agus iad siúd a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí fóillíochta lasmuigh chomh maith le húsáideoirí leapacha gréine.
Méadófar a chroítheachtaireachtaí trí fheachtas cumarsáide SunSmart bliantúil FSS a úsáideann raon ardán chun príomhtheachtaireachtaí spriocdhírithe a sholáthar faoi iompraíochtaí cosanta craicinn.
Dúirt an tAire Naughton:
“Is í ailse craicinn an ailse is coitianta a ndéantar diagnóisiú uirthi in Éirinn, ach is féidir í a chosc den chuid is mó agus is féidir linn go léir ár riosca a laghdú go suntasach trí iompraíochtaí praiticiúla cosanta craicinn a ghlacadh.
“Tógann an Plean nua um Chosc ar Ailse Craicinn ar an obair iontach atá déanta cheana féin chun feasacht a ardú agus soláthraíonn sé treochlár chun a chinntiú go mbeidh cosaint craicinn mar chuid dár ngnáthamh laethúil, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann sa Chlár Náisiúnta um Rialú Ailse as a gcuid oibre fairsinge air seo.
“Chomh maith le bheith mar bhunchloch ár Straitéise Náisiúnta Ailse, cuimsíonn cosc ailse prionsabail Éire Shláintiúil.
“Ba mhaith linn spreagadh a thabhairt do gach duine bearta dearfacha a ghlacadh chun a sláinte agus a bhfolláine a chosaint, ionas gur féidir galair a chosc gach lá."
Dúirt an Dr Triona McCarthy, Comhairleoir i Leigheas Sláinte Poiblí, an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse:
“Tugann an Plean Náisiúnta um Chosc ar Ailse Craicinn 2023-2026 breac-chuntas ar conas is féidir linn tacú le daoine aonair a mbaol ailse chraicinn a laghdú. Is deis iontach é seo leas a bhaint as cumhacht na n-ionad oibre, grúpaí pobail, grúpaí áineasa, gairmithe cúram sláinte agus daoine eile chun iompraíochtaí SunSmart a chur chun cinn.
“Tá sé rí-tábhachtach do shláinte choirp agus mheabhrach taitneamh a bhaint as am amuigh faoi aer ach ba cheart dúinn é sin a dhéanamh agus an craiceann a chosaint ó radaíocht UV chun an baol ón ailse is coitianta a laghdú.
“Is iad na bealaí is fearr chun craiceann a chosaint ná clúdach le muinchillí fada, spéaclaí gréine agus griansciath a úsáid; achar ama sa ghrian a theorannú nuair a bhíonn radaíocht UV is láidre, de ghnáth idir 11am agus 3:00pm, ó Aibreán go Meán Fómhair in Éirinn; agus gan leaba ghréine a úsáid riamh. Tá acmhainní chun ailse craicinn a chosc ar fáil ag hse.ie/sunsmart."
Dúirt Bernie Rice, feachtasóir um chosc ailse craicinn:
"Bhásaigh á n-iníon álainn, cliste Sharon mar thoradh ar ailse craicinn meileanóma úrchóideach. Bhí sí 31 nuair a diagnóisíodh den chéad uair í in 2006. D'athraigh ball dobhráin ar a cos ach níor braitheadh é agus níor thuig sí na himpleachtaí a bhain leis. Faoi dheireadh fuair sí seiceáilte é agus dúradh léi gur meileanóma urchóideach a bhí ann. Chuaigh Sharon faoi obráid agus baineadh an meileanóma agus tháinig biseach uirthi. An bhliain dár gcionn, áfach, tháinig an meileanóma ar ais agus scaip sé chuig a nóid limfe. Bhásaigh sí an bhliain dár gcionn agus gan í ach 33 bliain d'aois.
“Is féidir ailse craicinn a chosc. I gcuimhne Sharon, déanaim iarracht feasacht a ardú ar an tábhacht a bhaineann le do chraiceann a chosaint ón ngrian, le súil go gcabhróidh sé le beatha daoine a shábháil."
Tá an Plean Náisiúnta um Chosc ar Ailse Craicinn 2023-2026 ar fáil anseo.
Is í Ailse Craicinn an cineál ailse is coitianta in Éirinn agus is ionann í agus thart ar 13,000 cás in aghaidh na bliana. Meastar go ndúblóidh an uimhir seo faoi 2045.
Aithnítear cosc ar ailse mar bhunchloch den Straitéis Náisiúnta Ailse 2017-2025, agus aithníodh forbairt plean náisiúnta um chosc ar ailse craicinn mar thosaíocht inseachadta.
D'fhorbair an Clár Náisiúnta um Rialú Ailse an Plean Náisiúnta um Chosc ar Ailse Craicinn 2023-2026 tar éis dul i gcomhairle le gairmithe cúram sláinte, carthanais ailse, institiúidí taighde, cumainn ghairmiúla, gníomhaireachtaí Rialtais agus eagraíochtaí neamh-Rialtais.
Ailíníonn cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Chosc ar Ailse Craicinn le Gníomh 3 den Phlean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide don tSláinte 2019-2024, a éilíonn grúpaí ardriosca a aithint agus bearta a sheachadadh chun iad a chosaint, chomh maith le feasacht an phobail ar rioscaí ó nochtadh do UV a mhéadú.
Tá acmhainní chun ailse craicinn a chosc ar fáil ag hse.ie/sunsmart.