Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Sathairn an 15 Eanáir 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh 14,555* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Ina theannta sin, Dé Aoine an 14 Eanáir, chláraigh 5,406 duine tástáil dhearfach antaiginí trí thairseach FSS. Osclaíodh an tairseach seo Dé hAoine an 14 Eanáir**.
Amhail 8am inniu, tá 940 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 89 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“De réir mar a théann daoine i dtaithí ar an gcomhairle sláinte poiblí is déanaí maidir le haonrú agus srianadh gluaiseachtaí le haghaidh cásanna agus dlúth-theagmhálacha, níor cheart neamhaird a dhéanamh ar thábhacht bearta cosanta eile. Go háirithe, leagann an treoir is déanaí seo níos mó béime ar úsáid maisc aghaidhe de ghrád níos airde, i gcomparáid le maisc éadach. Moltar bearta cosanta eile lena n-áirítear teorannú dian ar theagmhálacha sóisialta ar feadh na 10 lá iomlán tar éis ionfhabhtú COVID-19 deimhnithe nó dlúth-theagmháil. Tá na comhbhearta seo beartaithe chun aon mhéadú ar an riosca tarchuir a fhritháireamh a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar laghdú agus nó baint an cheanglais maidir le féin-aonrú nó srian a chur ar ghluaiseachtaí.
"Moltar anois go n-úsáideann na daoine seo a leanas maisc de ghrád leighis nó FFP2:
“Féadann ról lárnach a bheith ag maisc maidir le tarchur COVID-19 a laghdú má dhéantar iad i gceart, má tá siad fáiscthe go maith agus má chaitear i gceart iad - is é sin go gclúdaíonn siad an srón, an béal agus an smig.
“Tríd na bunbhearta sláinte poiblí go léir a leanúint, lena n-áirítear vacsaíniú, is féidir linn scaipeadh COVID-19 a laghdú agus leanúint orainn féin agus ár ngaolta a chosaint ar ionfhabhtú. Lean ar aghaidh ag cur scaradh sóisialta agus sláinteachas láimhe maith i bhfeidhm, ag obair ón mbaile mura bhfuil gá le freastal, seachain sluaite agus cinntigh go bhfuil spásanna laistigh agus iompar poiblí aeráilte (fuinneoga oscailte).
Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19.
#Cosaint Ilshraitheach chun cosaint a dhéanamh i gcoinne ionfhabhtú COVID19. Tá raon póstaer agus comharthaí ar fáil duit le húsáid.
I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR thar an tréimhse seo.
Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí mhol sonraí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.