Plean teanga Chathair Saidhbhín seolta go hoifigiúil ag an Aire Stáit O’Donovan
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Agus é ag tabhairt cuairte ar Chathair Saidhbhín inniu, 15 Meitheamh 2023, d’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan T.D. go bhfuil plean teanga Chathair Saidhbhín seolta go hoifigiúil aige. Is céim chun cinn í seo don phróiseas pleanála teanga sa Bhaile Seirbhíse Gaeltachta seo agus i gContae Chiarraí.
Is í Cathair Saidhbhín an t-ochtú baile atá aitheanta mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas pleanála teanga agus an 37ú plean in iomlán atá ceadaithe faoin bpróiseas ar cuireadh tús leis naoi mbliana ó shin. Go dtí seo, tá 8 mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas – Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath, Trá Lí, Caisleán an Bharraigh, Dún Garbhán agus anois Cathair Saidhbhín.
Is í Comhairle Contae Chiarraí a ghlac le ról mar cheanneagraíocht a chuir plean teanga Chathair Saidhbhín i dtoll a chéile.
Chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean, beidh ciste suas le €80,000 in aghaidh na bliana ar feadh thréimhse seacht mbliana á chur ar fáil ag an Roinn trí Fhoras na Gaeilge. Bainfear leas as roinnt den mhaoiniú sin chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú ar mhaithe leis an bplean a thabhairt go ceann scríbe.
Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:
“Ba mhaith mo bhuíochas a ghabháil le Foras na Gaeilge ar dtús agus le Comhairle Contae Chiarraí a tháinig chun cinn chun agus a ghlac le ról mar cheanneagraíocht Chathair Saidhbín i gcomhar le páirtithe leasmhara. Tá moladh tuillte ag gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a thabhairt go dtí an pointe go bhfuil sé á sheoladh go hoifigiúil anois. Táthar ag súil go mbeidh Oifigeach Pleanála Teanga lonnaithe sa bhaile seo go gairid chun díriú isteach ar ghníomhaíochtaí an phlean agus staid na teanga i gCathair Saidhbhín a threisiú.”
Nóta don Eagarthóir:
• Tá ciste iomlán ar fiú €6.55m é á chur ar fáil mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga sa bhliain reatha. Is ionann seo agus ardú de €750,000 ar an gciste a bhí ar fáil in 2022.
• Tá gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta ceadaithe anois.
• Tá 8 mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas anois - Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath, Trá Lí, Chaisleán an Bharraigh, Dún Garbháin agus Cathair Saidhbhín féin.
• Tá pleananna teanga á n-ullmhú i 3 Bhaile Seirbhíse Gaeltacht faoi láthair - Cathair Chorcaí, Baile an Róba agus An Clochán
• Tá 3 Líonra Gaeilge ceadaithe faoin bpróiseas freisin – Inis, Baile Loch Riach agus Cluain Dolcáin
• Tá 25 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga fostaithe agus ag cur pleananna i bhfeidhm go dtí seo.
• Is é Foras na Gaeilge atá freagrach as cabhrú le BSG Cathair Saidhbhín sa chás seo chun an plean teanga a chur chun feidhme – ar nós na mbailte eile atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht. Is é Údarás na Gaeltachta a bheidh freagrach as cabhrú le Bailte Seirbhíse Gaeltachta atá lonnaithe sa Ghaeltacht.