Foilsíonn an tAire Sláinte athbhreithniú ar shocruithe rialachais chun tacú le próiseas aisíocaíochta drugaí FSS
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhoilsigh an tAire Sláinte Tuarascáil inniu arna ullmhú ag Mazars a scrúdaíonn na socruithe rialachais maidir le próiseas aisíocaíochta drugaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Fuair an Tuarascáil amach go bhfuil próiseas FSS ag feidhmiú de réir na reachtaíochta agus go bhfuil torthaí á seachadadh aige de réir noirm idirnáisiúnta.
Tháinig an Tuarascáil ar an gconclúid go bhfuil scóip ann le haghaidh feabhsuithe i roinnt réimsí, lena n-áirítear:
Tacaíonn an tAire Sláinte go hiomlán le haon mholtaí atá sa Tuarascáil a fheabhsaíonn an próiseas, a sholáthraíonn rochtain níos éasca, agus a thacaíonn le luach ar airgead.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Ba mhaith liom feabhsuithe a fheiceáil ar thrédhearcacht fhoriomlán an phróisis, agus d'iarr mé ar FSS tograí a thabhairt ar aghaidh ina leith sin mar ábhar práinne. Cinnteoidh rannpháirtíocht níos fearr le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear grúpaí othar, go bhfuil othair ar an eolas faoin bpróiseas agus go bhfuil cur amach acu ar chéimeanna agus amlínte éagsúla”.
Ina leith sin, d'iarr an tAire ar FSS rianaire iarratas a chur ar láithreán gréasáin FSS, ag sonrú conas a théann iarratais chun cinn tríd an bpróiseas. D'iarr sé freisin ar FSS amlínte táscacha a thabhairt isteach ina léirítear an t-achas a ghlacann sé ar chógas an próiseas iarratais/ceadaithe a chríochnú. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh anois.
Dúirt an tAire:
“Chuir an Rialtas seo cistí substaintiúla ar fáil do chógais nua, €100 milliún le trí Bhuiséad anuas, a chuir ar chumas níos mó ná 130 cógas nua a chur leis an liosta aisíocaíochta d'othair go dtí seo. Is é ár misean ná Cúram Sláinte Uilíoch agus ceann de cholúin na rochtana sin is ea rochtain thráthúil agus ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil próiseas againn a sholáthraíonn rochtain thráthúil ar chógais nua agus uasluach ar airgead do gach cáiníocóir."
Tá Plean Forfheidhmithe á fhoilsiú agus tá Grúpa Oibre Forfheidhmithe á bhunú idir an Roinn Sláinte agus FSS. Breithneoidh an Grúpa seo na moltaí éagsúla atá sa Tuarascáil agus déanfaidh sé iad a chur chun cinn chomh maith le roghanna eile chun an próiseas a fheabhsú.
Tabharfaidh an Grúpa Oibre aird ar an gcreat beartais, dlíthiúil agus institiúideach ina bhfeidhmíonn FSS, go háirithe na ceanglais atá leagtha amach san Acht Sláinte (Earraí Liachta a Phraghsáil agus a Sholáthar) 2013, san Acht Sláinte 2004 agus na próisis atá ann cheana a thuairiscítear i gCreat-Chomhaontuithe leis an tionscal maidir le soláthar agus praghsáil cógais. Rachaidh an Grúpa i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara go léir, lena n-áirítear grúpaí othar agus an tionscal, ag iarraidh tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ar an bpróiseas aisíocaíochta. Tá an Grúpa Oibre le tuairisciú don Aire i gceann sé mhí.
Cuireadh dréacht den Tuarascáil faoi bhráid na Roinne Sláinte in 2020, ach níor cuireadh chun cinn í ag an am toisc gur atreoraíodh acmhainní chun freagairt do phaindéim COVID-19.