Foilsíonn an tAire Humphreys agus an tAire O’Brien an chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn den Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Cuimsiú Sóisialta, Joe O’Brien TD, an chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn den Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025 inniu.
Príomhthiomantas sa Chlár don Rialtas is ea an Treochlár cúig bliana agus leagann sé amach bealach soiléir chun bochtaineacht a laghdú agus cuimsiú sóisialta a mhéadú.
Leagtar amach sa tuarascáil, arna faomhadh ag an gComh-Aireacht inné, an dul chun cinn atá déanta maidir le spriocanna an Treochláir a bhaint amach.
Tá roinnt de na gealltanais sa Treochlár seachadta cheana féin ag an Rialtas mar chuid den dá Bhuiséad roimhe seo.
Ina measc seo tá Saoire Tuismitheora agus Sochar Tuismitheora breise a thabhairt isteach; síneadh a chur le Clár na mBéilí Te Scoile; méaduithe ar an Íocaíocht do Leanbh Cáilithe agus méaduithe ar na croí-rátaí leasa shóisialaigh, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir, 2022.
Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Léiríonn foilsiú na tuarascála seo tiomantas an Rialtais do chur i bhfeidhm an Treochláir um Chuimsiú Sóisialta.
“Tá uaillmhian an Treochláir chun bochtaineacht chomhsheasmhach in Éirinn a laghdú mar thosaíocht trasna an Rialtais agus tacaíonn Clár an Rialtais léi.
“Aithníonn an tuarascáil seo cuid den dul chun cinn atá á dhéanamh againn maidir le dul i ngleic le bochtaineacht agus le cuimsiú sóisialta a mhéadú.
“Mar shampla, leagann sé béim ar bhearta a thugamar isteach sa dá bhuiséad deiridh, a bhí deartha chun tacú le teaghlaigh agus saoránaigh leochaileacha.
“Áirítear leis seo, mar shampla, an cinneadh chun an ráta íocaíochta do leanaí cáilithe a mhéadú, rud atá cruthaithe chun an bhochtaineacht a laghdú.”
Agus é ag fáiltiú roimh an bhfoilseachán seo, dúirt an tAire O’Brien:
“Tá áthas orm an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn an ‘Treochlár don Chuimsiú Sóisialta 2020-2025’ a fhoilsiú.
“Ta príomhthiomantas an Treochláir; bochtaineacht chomhsheasmhach a laghdú go 2% nó níos lú, ina thosaíocht domsa mar Aire le freagracht as an Treochlár a chur i bhfeidhm, agus do gach duine a bhfuil sé de chúram air tionscnaimh a sheachadadh chun an tiomantas sin a bhaint amach.
“Leanfar le hobair ar fud an Rialtais le linn 2022 chun príomhghealltanais an Treochláir a chur chun cinn agus a chomhlíonadh.”
Leanadh ar aghaidh le hobair i rith 2020 agus 2021 le linn na paindéime ar sheachadadh na dtiomantas, le roinnt acu á mbaint amach go hiomlán nó á mbaint amach agus iad ag leanúint ar aghaidh, agus go leor eile i bhfeidhm. Tá seachadadh líon teoranta tiomantas taobh thiar den sceideal, mar gheall ar thionchar COVID-19 agus an gá le foireann a ath-imscaradh chuig seirbhísí túslíne i réimsí áirithe. Tá seachadadh na dtiomantas go léir ina thosaíocht ag an Rialtas in 2022 i gcónaí.
Dúirt an tAire O'Brien:
“D’aibhsigh na hamanna deacra seo a thábhachtaí atá an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta agus an gá atá le fócas leanúnach ar thacaíochtaí agus ar sheirbhísí chun leibhéil na bochtaineachta in Éirinn a laghdú. Tá áthas orm a fheiceáil, in ainneoin na srianta a cuireadh ar Ranna Rialtais le 21 mí anuas, gur tosaíocht i gcónaí é dul chun cinn maidir le spriocanna an Treochláir a bhaint amach.”
Tá an tuarascáil agus an Cárta Tuairisce ar fáil anseo.
CRÍOCH
D’fhaomh an Rialtas an Treochlár um Chuimsiú Sóisialta 2020-2025: Uaillmhian, Spriocanna, Tiomantais agus foilsíodh é i mí Eanáir 2020. Seo an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna an Treochláir a bhaint amach. Is é príomh-uaillmhian an Treochláir ná “bochtaineacht chomhsheasmhach a laghdú go 2% nó níos lú agus Éire a dhéanamh ar cheann de na tíortha is cuimsithí san AE.” Aistríonn an Treochlár an uaillmhian seo ina 7 Sprioc a bhfuil 66 tiomantas uathúil (gníomhaíocht) mar bhonn taca leo a ghlacfar chun cabhrú leis na spriocanna seo a bhaint amach.
Faoi dheireadh Mheán Fómhair 2021:
I measc na dtiomantas a seachadadh thar na chéad 21 mí den Treochlár tá:
1. Méadú €10 in aghaidh na seachtaine ar thairseach ioncaim na hÍocaíochta Teaghlaigh i bhFostaíocht do gach méid teaghlaigh;
2. Arduithe sna rátaí Méadaithe do Leanbh Cáilithe go €40 in aghaidh na seachtaine do leanaí faoi 12 bliana d'aois agus €48 sa tseachtain do leanaí 12 bhliain d'aois agus níos sine;
3. Méadú €5 in aghaidh na seachtaine ar uasráta na n-íocaíochtaí in Aois Oibre, lena n-áirítear Liúntas Cúramóra, Liúntas Míchumais, Íocaíochtaí Teaghlaigh Aontuismitheora agus Íocaíochtaí Aistrithe Cuardaitheora Poist, le harduithe comhréireacha do rátaí laghdaithe agus rátaí do Dhaoine Fásta Cáilithe; agus
4. Méadú €10 ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua do leanaí níos sine agus níos óige.
1. An Straitéis Breisoideachais agus Oiliúna (FET) 2020-2024 "An Fhoghlaim a Bhunathrú" i mí Iúil 2020;
2. An Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta 2021-2025 i mí na Nollag 2020;
3. Todhchaí Cheantair Tuaithe na hÉireann - an Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025 i mí an Mhárta 2021;
4. Straitéis Bealaí chun Oibre 2021-2025 i mí Iúil 2021;
5. Litearthacht d'Aosaigh ar feadh an tSaoil: Straitéis 10 mbliana um Litearthacht, Uimhearthacht agus Litearthacht Dhigiteach d'Aosaigh i Meán Fómhair 2021; agus
6. ‘Tithíocht do Chách – Plean Nua Tithíochta d’Éirinn’ i Meán Fómhair 2021.