Ceapann an tAire Catherine Martin triúr comhaltaí nua ar Bhord Gobharnóirí agus Caomhnóirí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin ceapadh triur comhaltaí nua ar Bhord Gobharnóirí agus Caomhnóirí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.
- An Dr Ciarán O'Carroll
- Caroline Grant
- Terence McCrann
Cuirfidh an triúr a ceapadh téarma cúig bliana isteach le héifeacht ón 16 Aibreán.
Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Martin:
“Tá an-áthas orm a fhógairt gur ceapadh na hiarrthóirí seo a bhfuil an-éagsúlacht taithí acu a thacóidh le hoibríochtaí agus uaillmhian Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann do na cúig bliana atá romhainn. Déanaim comhghairdeas leis an triúr a ceapadh le linn a dtéarmaí agus gabhaim buíochas leo as glacadh leis na róil thábhachtacha seo. Guím gach rath orthu le linn a dtéarmaí.”
Dúirt Mary Keane, Cathaoirleach Bhord Gobharnóirí agus Caomhnóirí GNÉ:
“Táimid thar a bheith sásta a fhógairt gur ceapadh Caroline Grant, Terence McCrann agus an Dr Ciarán O’Carroll ar Bhord an Ghailearaí. Déanfar comóradh in 2024 ar 170 bliain ó bunaíodh an Ghailearaí tríd an Acht um Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann (1854) agus déanfar comóradh ar 160 bliain ó osclaíodh an Gailearaí. Cuirfimid tús freisin le céim straitéiseach cúig bliana nua in 2024 agus tá raon leathan taithí ag na daoine seo a ceapadh, rud a chumasóidh ár gcuid oibre tábhachtaí.”
Rinneadh na ceapacháin tar éis gairm phoiblí ar iarratais ar www.stateboards.ie agus próiseas measúnaithe.
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Is léachtóir le hinbhuanaitheacht é an Dr Ciarán O’Carroll in hOllscoil Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is stiúrthóir agus comhairleoir inbhuanaitheachta é le Change by Degrees, pobal ceannairí a stiúrann gluaiseacht dhomhanda le haghaidh geilleagar cuimsitheach, cothrom agus athghiniúnach. Tugann an Dr O’Carroll comhairle do chliaint ilnáisiúnta maidir le cleachtais agus rialachas forbartha inbhuanaithe, ag tabhairt straitéisí d’fhás glas agus bainistíocht riosca d’eagraíochtaí.
Is ceannaire AD í Caroline Grant a bhfuil taithí gairme aici thar raon earnálacha. Tugann sí sármhaitheas do Bhord an Ghailearaí maidir le fás gnólachtaí agus claochlú eagraíochta a chur chun tosaigh. Bhí Caroline ina ball den fhoireann feidhmiúcháin ag Fenergo Limited agus ina Stiúrthóir Acmhainní Daonna le Dell Limited le linn tréimhse ina ndearnadh athstruchtúrú ollmhór ar an gcuideachta ilnáisiúnta in Éirinn agus sa RA. Deimhníodh í mar bhall d’Institiúid na Stiúrthóirí.
Tá taithí fhairsing ag Terence McCrann i réimse an dlí, acmhainní daonna agus chaidrimh fostaithe. Tá sé ar scor anois tar éis a bheith ina chomhpháirtí le McCann Fitzgerald LLP agus mar aturnae cáilithe leis an gCumann Dlí. Tá breis agus 30 bliain de thaithí aige ar chomhairle a thabhairt do Bhoird san Earnáil Stáit tráchtála agus neamhthráchtála ar fheidhmiú a gcumhachtaí reachtúla, ar cheisteanna rialachais chorparáidigh chomh maith le hdirghníomhú le máthair-Ranna Rialtais. Tá saineolas ollmhór ag Terence ar dhea-chleachtais in Acmhainní Daonna agus Caidrimh Fostaithe, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do phrionsabail an chomhionannais, na héagsúlachta agus an chuimsithe, a chuirfidh sé ar fáil do Bhord an Ghailearaí Náisiúnta.