Arna reáchtáil ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn mar chuid den Chlár COALESCE, maoineoidh INSTAR+ tionscadail chomhoibritheacha 24-mhí atá dírithe ar bhearnaí tuisceanna i seandálaíocht na hÉireann, ar thógáil cumas an taighde, agus ar chabhrú chun aghaidh a thabhairt ar cheist na dtochailtí seandálaíochta neamhfhoilsithe. Mar thoradh ar na hidirghníomhaíochtaí seo idir seandálaithe tráchtála, acadúla agus an Stáit agus na pobail áitiúla faoi INSTAR+, méadófar leibhéal an chomhoibrithe agus an teacht aniar ar fud na hearnála.