Seoladh an chúrsa oiliúna éigeantaí do rannpháirtithe SCEP á fhógairt ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, seoladh an chúrsa oiliúna ar líne inniu do rannpháirtithe an Chláir um Éifeachtúlacht Carbóin Laonna Diúil (SCEP).
De réir théarmaí agus choinníollacha SCEP, caithfidh rannpháirtithe an cúrsa oiliúna éigeantaí ar líne a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí an chláir agus láimhseáil ainmhithe faoin 15 Samhain 2024. Tá físeán gearr ina mínítear gach rud agus seacht modúl ar líne mar chuid den chúrsa. Is féidir rochtain a fháil ar an gcúrsa ar líne trí úsáid a bhaint as an uimhir PIN atá sa litir eolais a chuirfidh an Roinn sa phost sna laethanta amach romhainn. Beidh rochtain air chomh maith trí chuntais Agfood rannpháirtithe SCEP. Ba mhaith leis an Roinn a mheabhrú d’fheirmeoirí nach gá dóibh seoladh ríomhphoist bhailí a bheith acu chun rochtain a fháil ar an ábhar oiliúna.
Agus cuireadh á thabhairt ag an Aire McConalogue do rannpháirtithe SCEP súil a chaitheamh ar an tairseach oiliúna ag www.sceptraining.ie , dúirt sé:
“Tá gach eolas riachtanach chun logáil isteach ar an suíomh gréasáin ar fáil sa litir a chuirfear chuig rannpháirtithe SCEP go léir. Is féidir an cúrsa a dhéanamh de réir a chéile, agus tá áiseanna tacaíochta ar fáil d’aon duine a mbíonn deacracht acu tús a chur leis an oiliúint. Buntáiste mór den oiliúint ar líne an tsolúbthacht a bhaineann léi, a chuireann ar chumas feirmeoirí gnóthacha tabhairt faoin gcúrsa ar a luas féin agus ar a gcaoithiúlacht féin, ar pé gléas digiteach a fheileann dóibh agus is féidir leo súil siar a chaitheamh ar an ábhar pé am is mian leo.”
Fostaíodh comhlacht gairmiúil ríomhfhoghlama chun taithí idirghníomhach a chruthú agus a leagan amach agus é curtha in oiriúint do riachtanais na Roinne agus do riachtanais rannpháirtithe SCEP. Chuir an Roinn an t-ábhar oiliúna le chéile, le cabhair ó Teagasc, ICBF agus saineolaithe eile na hearnála mairteola. Tá an cúrsa dírithe ar ghníomhaíochtaí SCEP a chaithfidh feirmeoirí a dhéanamh mar chuid den chlár – straitéisí pórúcháin, géinitíopáil, meá agus suirbhéanna maidir le laonna a thabhairt ar an saol - agus tá modúl ann freisin maidir le sábháilteacht ar an bhfeirm agus láimhseáil an bheostoic.
Mhol an tAire McConalogue go láidir do gach feirmeoir aghaidh a thabhairt ar an oiliúint chomh luath agus is féidir.
“Tá an oiliúint leagtha amach i bhformáid shothuigthe: tá sé éasca an suíomh a leanúint, agus léirítear an príomheolas go héifeachtach, i modúil atá gearr go leor. Tá roinnt físeán spéisiúil ann ina dtaispeántar príomhghníomhaíochtaí an chláir, measaim gur físeáin thábhachtacha iad, a mbeidh an-suim ag feirmeoirí iontu. Tá modúl ann maidir le sábháilteacht ar an bhfeirm mar gheall nach féidir dearmad a dhéanamh riamh ar na dúshláin a chuirtear roimh an tsláinte agus roimh an bhfolláine de bharr na feirmeoireachta. Má thuigimid an baol, is féidir linn gníomhú chun é a laghdú.
Mura ndéantar an cúrsa faoin 15 Samhain 2024, beifear neamh-incháilithe chun fanacht sa chlár agus caithfear an t-airgead a fuarthas a íoc ar ais. Dearbhóidh an Roinn go bhfuil gach modúl den chúrsa curtha i gcrích.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire le rannpháirtithe SCEP gur féidir leo dul i dteagmháil le Deasc Chabhrach a Roinne ag 057 867 4422 nó ar ríomhphost scep@agriculture.gov.ie má bhíonn aon cheist acu maidir le gné ar bith de chur i bhfeidhm an chláir nó maidir leis an oiliúint féin.
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí
Ar cheann de na coinníollacha cáilitheachta chun páirt a ghlacadh in SCEP CAITHFIDH rannpháirtithe an chúrsa oiliúna éigeantaí ar líne SCEP a dhéanamh faoin 15 Samhain 2024. Cabhróidh an cúrsa oiliúna ar líne seo le rannpháirtithe a gcuid gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm i gceart laistigh de SCEP agus molfar an dea-chleachtas maidir le sábháilteacht ar an bhfeirm agus láimhseáil an bheostoic.
Mura gcuirtear gach modúl den chúrsa oiliúna ar líne i gcrích faoin 15 Samhain 2024, bainfear an rannpháirtí as SCEP agus íocfar ar ais aon airgead a fuarthas faoin gclár, agus an costas a bhain lena dtástálacha géanómaíochta.
Is féidir rochtain a fháil ar an oiliúint ar líne ag www.sceptraining.ie. Ba cheart go nglacfadh gach modúl thart ar 30 nóiméad, ar an meán. Is féidir le rannpháirtithe na modúil uilig a dhéanamh d’aon iarraidh amháin nó iad a dhéanamh de réir a chéile. Is féidir cuid de mhodúl a dhéanamh agus an chuid eile de a dhéanamh arís nuair a logáiltear isteach. É sin ráite, ní mór gach modúl a bheith déanta go hiomlán faoin 15 Samhain 2024 chun an riachtanas oiliúna a chomhlíonadh.