D'óstáil an tAire Humphreys an Fóram Réamhbhuiséid 2024
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'óstáil an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, Fóram Réamhbhuiséid bliantúil na Roinne i dTeach Farmleigh inniu.
In éineacht leis an Aire bhí Joe O’Brien, an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanachtaí.
Tugann an Fóram seo deis thábhachtach do ghrúpaí pobail agus deonacha, d’ionadaithe ceardchumainn agus fostóirí ceisteanna polasaí a phlé agus a chuir faoi chaibidil agus a gcuid smaointe agus tuairimí a chur i láthair ar an mBuiséad atá le teacht.
Dhírigh sé ar chúig cheardlann théamacha a thug deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tosaíochtaí a phlé.
D’fhreastail ionadaithe ó raon leathan eagraíochtaí agus grúpaí pobail ar an bhFóram, a bhí modhnaithe ag Tommie Gorman.
Agus í ag labhairt leis an bhFhóram, dúirt an tAire Humphreys:
“Baineann fóram an lae inniu leis an rannpháirtíocht – baineann sé le bheith ag éisteacht leis na páirtithe leasmhara a oibríonn go dlúth le teaghlaigh agus lenár saoránaigh leochaileacha gach lá.
“Beidh an Buiséad seo atá le teacht bunaithe arís ar an mbrú costais mhaireachtála a mbíonn ar dhaoine dul i ngleic leo fós.
“Mar Aire, is í an phríomhthosaíocht atá agam ná pacáiste láidir de bhearta cosanta sóisialta a chur ar fáil a thacóidh le teaghlaigh agus leis na daoine is leochailí.
“Anuraidh, chuireamar buiséad um chosaint shóisialta €2.2 billiún ar fáil – an buiséad is mó i stair an Stáit.
“Agus Buiséad 2024 á chur le chéile againn, ní bheidh aon rud in easnamh i mo chur chuige.”
Le linn imeacht an lae inniu, tugadh faoi deara gur chuir ceisteanna a ardaíodh faoi thástáil acmhainne le haghaidh liúntas breosla ag fóram na bliana seo caite le cinntí ar athruithe a chuaigh chun sochair do go leor daoine.
Agus é ag labhairt ag an bhFóram freisin, dúirt an tAire O’Brien:
“Mar Aire Stáit le freagracht as cuimsiú sóisialta, tá suim mhór agam aghaidh a thabhairt ar gach cineál bochtaineachta. Tuigim go maith go bhfuil go leor daoine sa tír seo ag streachailt anois i bhfianaise an mhéadaithe ar an gcostas maireachtála.
“Tá tionchar mór ag na cinntí a dhéantar le linn an phróisis bhuiséadaigh bhliantúil ar shaol an duine. Mar sin, tá sé tábhachtach, go háirithe leis an gcostas maireachtála méadaithe, go ndéanfaimis machnamh ar an gcaoi ar féidir díriú ar mhéaduithe leasa chun a chinntiú go bhfaigheann na daoine is leochailí na tacaíochtaí a theastaíonn uathu.”
Liosta eagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu ag an bhFóram Réamhbhuiséid 2024