Fáiltíonn an tAire McConalogue roimh mholtaí an Choimisiúin maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a shimpliú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag labhairt dó ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh inniu sa Bhruiséil, d'fháiltigh an tAire McConalogue roimh an gcur chuige maidir leis an ualach riaracháin d'fheirmeoirí a mhaolú:
“Fáiltím roimh fhreagairt an Choimisiúin agus na mBallstát don ghá atá le Plean Gníomhaithe níos solúbtha agus níos simplí ar son na hAeráide. Mar shampla, féachann an togra chun an t-ualach ar fheirmeacha níos lú i dtaobh cigireachtaí agus pionóis fhéideartha a laghdú le praiticiúlachtaí na feirmeoireachta a aithint ar scála beag. Teastaíonn cobhsaíocht agus spás ó fheirmeoirí chun a dtodhchaí a phleanáil agus leanfaidh mé orm ag obair leis na Ballstáit chun a chinntiú go bhfuil Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide láidir éifeachtach againn a thacaíonn le táirgeadh inbhuanaithe bia san Aontas Eorpach i gcónaí."
Agus aird á tabhairt aige ar an ngá atá le tacú le seasamh feirmeoirí sa slabhra breisluacha, d'fháiltigh an tAire roimh thograí an Choimisiúin an ceanglas maidir le sonraí margaidh a bhailiú a mhéadú agus measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach um Chleachtais Éagóracha Trádála go dtí seo.
“Tá áthas orm a fheiceáil go dtugann an Coimisiún aghaidh ar sheasamh na bhfeirmeoirí sa slabhra breisluacha. In Éirinn, tá rialtóir agraibhia iomlán neamhspleách bunaithe agam, An Rialálaí Agraibhia, chun fócas nua agus feabhsaithe a thabhairt ar chleachtais éagóracha trádála a rialáil. Chinntigh mé freisin go bhfuil feidhm thábhachtach ag an rialtóir maidir le hanailís agus tuairisciú ar shonraí praghais agus margaidh. Táim muiníneach gur féidir leis na bearta seo seasamh na bhfeirmeoirí a fheabhsú agus trédhearcacht sa slabhra soláthair a fheabhsú." Dúirt an tAire McConalogue mar fhocal scoir.