Ceapachán an Dr Ciara McMahon mar Stiúrthóir de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil faofa ag an Rialtas
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá faomhadh an Rialtais faighte ag an Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Éamon Ryan T.D., maidir le ceapachán an Dr Ciara McMahon mar dhuine de chúigear Stiúrthóirí de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil. Tosóidh an Dr McMahon ar an ról láithreach.
Roimhe seo bhí an Dr McMahon mar Bhainisteoir na gClár in Oifig na Gníomhaireachta um Chosaint ar Radaíocht agus Monatóireacht Chomhshaoil. Tá taithí leathan aici ar leibhéil éagsúla – náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta – agus tá saineolas aici ar chosaint raideolaíochta agus caomhnú comhsaoil, le taithí 20 bliain agus tuilleadh i réimsí mar ullmhacht do chásanna éigeandála, faireachas comhshaoil, monatóireacht radaíochta, eolaíocht saoránach, radón agus cáilíocht an aeir. Bhí an Dr McMahon mar ionadaí de chuid na Gníomhaireachta ar an Tascfhórsa Rialtais um Pleanáil Éigeandála agus d’oibrigh sí chomh maith in Institiúid Náisiúnta na Stát Aontaithe um Chaighdeáin agus Teicneolaíocht.
Ag fógairt an cheapacháin dó, dúirt an tAire Ryan:
“Tá sé cruthaithe ag Ciara thar na blianta gur státseirbhíseach í atá tiomanta do chaomhnú an chomhshaoil againn. Tarraingeoidh sí ar an taithí leathan atá faighte aici ar leibhéil éagsúla – náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta – agus í ar bhord feidhmiúcháin na Gníomhaireachta. Táim muiníneach go mbeidh ionchur luachmhar ag Ciara in obair na Gníomhaireachta agus an t-eagras ag dul i ngleic leis na dúshláin iomadúla atá romhainn.”
CRÍOCH
Is foras poiblí neamhspleách í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil atá faoi choimirce na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus a bunaíodh faoin Acht um an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992.
Tá an Ghníomhaireacht sa líne thosaigh ó thaobh caomhnú agus póilíneacht chomhshaoil agus tá sí tiomanta chun daoine agus an comhshaol a chosaint ar éifeachtaí dochracha na radaíochta agus an truaillithe. Tá an t-eagras freagrach as an gcomhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú mar acmhainn luachmhar do mhuintir na hÉireann.
Bíonn an Ghníomhaireacht á bainistiú ag Bord Feidhmiúcháin lánaimseartha ar a bhfuil Ard-Stiúrthóir agus cúigear Stiúrthóirí a gceapann an Rialtas iad. Comhlíonann an Bord róil rialaithe agus bhainistíochta araon san eagras.
Is féidir obair na Gníomhaireachta a roinnt ina trí phríomhchuid: