Sainghrúpa Comhairleach maidir le Mearthástáil bunaithe ag an Aire Donnelly
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Sainghrúpa Comhairleach maidir le Mearthástáil bunaithe ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD.
Tacóidh an grúpa seo le agus cuirfidh sé comhairle ar ranna Rialtais, atá freagrach as scéimeanna píolótacha a fhorbairt agus mearthástálacha a rolladh amach ina n-earnálacha féin. Chomh maith leis sin, beidh an grúpa freagrach as cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne.
Tá Mary Horgan, Ollamh le Galair Thógálacha agus Comhairleach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC), ceaptha mar chathaoirleach ar an Sainghrúpa Comhairleach maidir le Mearthástáil.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly:
“Táim fíorbhuíoch den Ollamh Horgan agus de na saineolaithe eile atá páirteach sa ghrúpa seo as tacú leis an tionscnamh seo ag tréimhse ríthábhachtach don tír ar fad. Tá sé de chúram ar an Sainghrúpa Comhairleach (SGC) maidir le Mearthástáil tacú le agus comhairle a chur ar ranna Rialtais a bhfuil sé mar aidhm acu mearthástálacha a sholáthar ar bhonn píolótach agus/nó a úsáid. Creidim go láidir go bhféadfadh ról níos suntasaí a bheith ag mearthástálacha inár n-iarrachtaí dul i ngleic le Covid.”
D’fhaomh an Chomh-Aireacht sonraí maidir le téarmaí tagartha agus ballraíocht an Ghrúpa níos túisce inniu.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Horgan:
"De bhrí go mbeidh COVID-19 inár measc as seo go ceann tamaill, ní mór dúinn gach uirlis atá ar fáil dúinn a úsáid lena chinntiú gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an saol go sábháilte. Soláthraíonn ár mbearta sláinte poiblí cosaint i gcoinne víris atá fós ag baint siar asainn. Ba cheart smaoineamh ar úsáid a bhaint as mearthástáil mar bhealach eile chun cabhrú linn sa bhreis ar na bearta eile atá dár gcosaint cosúil le vacsaíní, tástáil PCR, aghaidhmhaisc, rianú teagmhálaithe agus scaradh sóisialta.”