Fógraíonn an tAire Catherine Martin sonraí Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2022
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Cathaoirleach Choiste Comórtha Náisiúnta an Ghorta Mhóir socruithe inniu do Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i mbliana.
Déanfaidh an Taoiseach Micheál Martin T.D., ionadaíocht thar ceann an Rialtais ag an searmanas i bPáirc Bhéal na mBuillí, Co. Ros Comáin Dé Domhnaigh, an 15 Bealtaine. Cosúil le blianta eile, beidh onóracha míleata agus searmanas chun bláthfhleasc a chur i searmanas foirmiúil Stáit i ndílchuimhne orthu siúd a d'fhulaing nó a fuair bás le linn an Ghorta.
Ní bheidh an searmanas, a chraolfar ar chainéal Nuacht RTÉ, oscailte don phobal.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire:
“Mar Chathaoirleach ar Choiste Comórtha Náisiúnta an Ghorta Mhóir, tá lúcháir orm a fhógairt go mbeidh Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl i mbliana i Músaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir, Páirc Bhaile na mBuillí, Dé Domhnaigh, an 15 Bealtaine i dteannta an Taoisigh Micheál Martin T.D. Rinneadh athfhorbairt shuntasach ar an Músaem le déanaí agus osclófar arís é don phobal go luath mar eispéireas úrnua do chuairteoirí chun leanúint ar aghaidh lena mhisean chun beocht a chur i scéal an Ghorta Mhóir do na glúnta atá le teacht.”
Is í seo an dara huair a reáchtálfar an comóradh i bPáirc Bhéal na mBuillí, i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin, reáchtáladh ann é in 2014 cheana féin. Rinneadh athfhorbairt shuntasach ar Mhúsaem Náisiúnta an Ghorta Mhóir le déanaí, áit a gcuirtear beocht i scéal tragóideach Bhéal na mBuillí sa Ghorta Mór trí thaispeántas closamhairc spreagúil. Fuair an tionscadal ar fiú €5 milliún maoiniú €3.75 milliún ó Fháilte Éireann (Scéim Deontas do Thionscadail Mhóra Turasóireachta 2016-2020) agus maoiniú €1.25 milliún ó Westward Holdings Ltd, i gcomhpháirtíocht le hIontaobhas Oidhreachta na hÉireann, a bhainistíonn an réadmhaoin.