Is ann do bhreis agus 2,000 eagraíocht dheonach a fhaigheann cistiú ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Cistítear eagraíochtaí deonacha faoi ailt 38 agus 39 den Acht Sláinte, 2004. Tá an-éagsúlacht ann i measc eagraíochtaí deonacha maidir lena méid, lena gclúdach geografach agus leis an raon seirbhísí a sholáthraíonn siad. Cuimsíonn siad geall le gach ceann de na réimsí sláinte agus cúraim shóisialta, lena n-áirítear ospidéil ghéarmhíochaine, seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas, seirbhísí meabhairshláinte, seirbhísí do dhaoine scothaosta, agus seirbhísí ospíse.