Osclóidh an tAire McConalogue Clár Náisiúnta Aolta €8 milliún
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go n-osclófar an Clár Náisiúnta Aolta 2023, le maoiniú dar luach €8 milliún.
Ag seoladh an bhirt dó, dúirt an tAire McConalogue,
“Tá torthúlacht na hithreach mar bhunús d’fheirm bhrábúsach inbhuanaithe. Mar chuid dár bhfreagra ar na harduithe praghais ar chostais ionchuir, tá an-áthas orm an Clár Náisiúnta Aolta nua seo ar luach €8m a sheoladh a chabhróidh le cuid den chostas a bhaineann le húsáid aoil a fhritháireamh. Is comhpháirt thábhachtach é aol chun sláinte ithreach chothromaithe a bhaint amach, chun éifeachtúlacht úsáide cothaitheach a fheabhsú agus, ar an gcaoi sin, riachtanais leasacháin cheimiceacha a laghdú agus cuidiú le spriocanna aeráide agus uisce araon a chomhlíonadh. Trí pH cothromaithe ithreach a bheith againn, laghdóimid an gá atá le leasacháin shaorga, rud atá maith don chomhshaol agus do phóca an fheirmeora.”
Tionscnamh a bhí sa Chlár Náisiúnta Aolta ar éirigh leis an Aire McConalogue é a cheangal le Buiséad 2023 agus é mar aidhm aige cabhrú le feirmeoirí déileáil le costais ionchuir agus cabhrú leo an gá atá le leasacháin shaorga a laghdú.
Is féidir le báisteach ard bliantúil mar aon lenár dtáirgeadh barr agus beostoic aol a bhaint as ár n-ithreacha. Léiríonn torthaí ó Thuarascáil Torthúlachta Ithir de chuid Teagasc in 2022, go meastar go bhfuil aol de dhíth ar suas le 57% dár n-ithreacha, in ainneoin go bhfuil feabhas tagtha ar thorthúlacht na hithreach go náisiúnta.
Agus méaduithe foriomlána ar chostais ionchuir le bliain anuas, cinnteoidh an Clár Aolta nach mbeidh praghas an aoil ina bhac ar é a cheannach agus a úsáid, sa chás go léiríonn tuarascálacha anailíse ithreach go bhfuil aol ag teastáil.
“Is clár nuálaíoch é seo a sholáthróidh ranníocaíocht airgeadais de €16 in aghaidh an tonna d'aolchloch mheilte Chailciam/Aolchloch mheilte Mhaignéisiam d'fheirmeoirí rannpháirteacha. Léiríonn obair thrialach Teagasc go méadaíonn aoladh gníomhaíocht mhiocróbach ithreach ach go bhféadann sé fosfar (P) agus potaisiam (K) ithreach a dhíghlasáil freisin.
“Tá sé léirithe ag taighde freisin go laghdaítear astaíochtaí Ocsaíd Nítriúil (N2O) go suntasach agus go méadaítear táirgeacht fhéir agus barr eile ag an am céanna ach pH na hithreach a ardú leibhéil optamacha. Is dearfach an rud é úsáid leasachán a laghdú, ó thaobh na haeráide agus an uisce de, trí PH ceart inár n-ithreacha a chinntiú. Agus tá ciall eacnamaíoch ann d’fheirmeoirí freisin.’
Ba cheart d’fheirmeoirí ar mian leo cur isteach ar an gClár Aolta iarratas a dhéanamh trí www.agfood.ie www.agfood.ie/ roimh an dáta deiridh: 20 Aibreán 2023.