Fógraíonn an tAire O’Donovan seoladh Ráiteas Straitéise OPW 2021–2024
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is soláthróir lárnach seirbhíse don Rialtas Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) – ag bainistiú punainne eastáit an Rialtais, ag cothabháil agus ag léiriú oidhreacht thógtha Éireann agus ag bainistiú priacal tuile Éireann. Léirítear réimse a róil agus a chumais i gClár an Rialtais Our Shared Future. Tá gealltanais anseo nach féidir a chur i bhfeidhm ach le comhoibriú leanúnach OPW lena clianteagrais agus custaiméirí. Tá na cuspóirí a leagtar amach sa Ráiteas Straitéise seo lárnach maidir leis na gealltanais seo a chomhlíonadh.
Tá Straitéis OPW bunaithe ar neartanna agus dul chun cinn na hOifige agus leagtar amach ann fís, misean, aidhm agus luacha atá soiléir. Beidh ceithre théama uileghabhálach mar bhonn eolais le saothar OPW go ceann trí bliana agus ina dhiaidh sin. Is iad:
• Ár gCliaint – an Seirbhís a thugaimid uainn a Neartú
• Inbhuanaitheacht – Inbhuanaitheacht a Bhunú ins na Cinntí againn
• Gníomhú Aeráide – tionchar ó Athrú Aeráide a Mhaolú agus Oiriúnú chuige
• Daoine agus Próisis – ár gCumas Eagraíochtúil a Neartú
Cruthófar saothar OPW ar na ceithre théama seo; cuideoididh sé sin linn seirbhísí poiblí a sholáthar ar bhonn éifeachtach, dúshláin nua a fhreagairt agus gealltanais an Rialtais a chomhlíonadh. Cuirfidh an cur chuige téamúil seo neart faoin gcur chuige comhoibríoch in OPW agus le clianteagrais agus custaiméirí.
Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan:
‘Léiríonn an Straitéis seo sraith téamaí tábhachtacha – Inbhuanaitheacht agus Gníomhú Aeráide ina measc. Táim ag súil le hoibriú le foireann uile OPW agus leis an iliomad páirtithe leasmhara againn chun na cuspóirí atá leagtha amach a chur i gcrích. Táim ar bís maidir leis an tionchar dearfach a imreoidh OPW ins na blianta atá romhainn’.
Um breis eolais faoi Ráiteas Straitéise OPW 2021 – 2024, féach: Statements of Strategy nó féach an físeán againn ar chainéal Youtube OPW.
Um breis eolais nó grianghraif déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland