Tionóltar cruinniú de chuid Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tionóladh an seachtú cruinniú is fiche de chuid Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas in Oifigí Chomhrúnaíocht na Comhairle, Ard Mhacha, agus trí fhíschomhdháil inniu, Dé hAoine an 27 Samhain 2020. Bhí an cruinniú sin ar an gcéad chruinniú de chuid na Comhairle in earnáil an Fhorais Teanga Thuaidh Theas ó mhí an Mheithimh 2016. Bhí an cruinniú faoi chathaoirleacht ag Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht sa Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta. D’fhreastail Carál Ní Chuilín CTR (an Roinn Pobal) agus Gordon Lyons CTR (Oifig an Fheidhmeannais) ar an gcruinniú freisin, in éineacht le hoifigigh shinsearacha ó ranna na nAirí agus le hionadaithe ón dá ghníomhaireacht atá san Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.
D’fháiltigh an tAire Chambers roimh fhilleadh na gcruinnithe de chuid na Comhairle agus, faoi mar a thug an Taoiseach faoi deara ag an gcruinniú iomlánach a thionóil an Chomhairle i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí Iúil, labhair an tAire faoin tosaíocht an-ard a leagtar i gClár nua an Rialtais ar chomhar Thuaidh/Theas.
Sna focail tosaigh uaidh, dúirt an tAire Stáit Chambers, ‘Fianaise ar ar féidir a bhaint amach trí obair le chéile is ea obair an Fhorais Teanga, mar Chomhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas’. Mhol na hAirí an dóigh ar fhreagair an dá ghníomhaireacht do COVID-19 agus d’aithin siad tiomantas na mball foirne agus na n-eagraíochtaí uile sa dá dhlínse a leanann orthu ag obair chun tacú leis na hearnálacha na Gaeilge agus na hUltaise le linn phaindéim COVID-19.
Cheadaigh an Chomhairle ceapachán triúr mar Chomhaltaí Boird den Fhoras Teanga. Ceapadh Dáithí Mac Cárthaigh, Dr. Neasa Ní Chiaráin agus Ola Majekodunmi chuig bord Fhoras na Gaeilge ar feadh téarma ceithre bliana. Déanfar ceapacháin eile sna seachtainí atá romhainn.
D’aithin an tAire Chambers arís eile an tábhacht a bhaineann le comhar idir an dá dhlínse. Leag sé béim ar thiomantas leanúnach an Rialtais araon do chomh-oibriú Thuaidh Theas agus dúirt go raibh sé ag súil go mór le dul i mbun oibre leis an Aire Ní Chuilín agus an Aire Lyons chun earnálacha na Gaeilge agus na hUltaise a chur chun cinn.
CRÍOCH
EOLAS BREISE
Dáithí Mac Cárthaigh, BA., M.A., LL.B
Abhcóide is ea é, le béim aige ar chúrsaí cearta teanga agus é i mbun na hoibre seo. Mar Chomhordaitheoir Dlí agus Gaeilge Óstaí an Rí ó 2010, riarann sé cúrsaí ard-dioplóma do chéimithe ar mian leo dul le gairmeacha leis an Aontas Eorpach mar dlítheangeolaithe agus mar aistritheoirí dlíthiúla le Gaeilge mar aon le cúrsaí sa dlí-chleachtadh trí Ghaeilge. Bhí sé páirteach san ollfheachtas chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach. Bhí sé mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge idir 2005 agus 2008. D’fhoilsigh sé téacsleabhar ceannródaíoch le déanaí An Ghaeilge sa Dlí faoi stádas na Gaeilge in Éirinn agus san AE, faoi láthair agus go stairiúil, ina moltar leasuithe chun feabhais bunaithe ar an scoth-chleachtas idirnáisiúnta.
Dr Neasa Ní Chiaráin
Ollamh Cúnta Ussher, C.L.C.S. i gColáiste na Tríonóide is ea í an Dr. Ní Chiaráin. Tá sí ag obair ar theicneolaíocht urlabhra agus teanga a fhorbairt don Ghaeilge, go háirithe ar ghuthanna sintéiseacha Gaeilge mar chuid den tionscnamh ABAIR (www.abair.ie) Díríonn a cuid taighde ar iniúchadh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na teicneolaíochta urlabhra agus teanga i gcomhthéacs Foghlama Teanga Ríomhchuidithe (CALL), go háirithe maidir le múineadh / foghlaim na Gaeilge.
Ola Majekodunmi, Baile Átha Cliath
Gníomhaí ar son na Gaeilge, saor-iriseoir agus cainteoir poiblí is ea í Ola Majekodunmi, atá ina chraoltóir le Raidió na Life. Is scríbhneoir í; déanann sí ábhar a sholáthair don Irish Times, journal.ie, RTÉ.ie agus eile, agus tá roinnt oibre déanta aici le TG4. In 2018 bhí sí mar stiúrthóir an ghearrscannáin “What does Irishness Look Like?” a fuair ardmholadh. Tá BA i mBéarla, Meán agus Staidéar Cultúrtha aici, mar aon le MA i dTáirgeadh Craolacháin ó Scoil Scannáin IADT. Tá ainmniúchán bainte amach aici ar “Réalt Óg na Bliana 2019” sna Gradaim Cumarsáide, agus ainmníodh í faoi dhó – i 2018 agus 2019 - ar Ghradam Náisiúnta Meán na Mac Léinn sa chatagóir "Iriseoireacht trí Ghaeilge"