Ciste €3.72m fógartha ag an Aire Martin agus an tAire Stáit O'Donovan do chur chun cinn na n-ealaíon sa Ghaeltacht
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• Deontas ar fiú €3.72m ceadaithe d’Ealaín na Gaeltachta chun clár 3 bliana a fheidhmiú
• Méadú 200% ar an allúntas deiridh
• Déanfar freastal ar c. 5,000 dalta/páiste
• Tacófar le 2 phost lánaimseartha agus 2 phost páirtaimseartha a chruthú
• Cruthófar deis ioncaim do suas le 14 ealaíontóirí (idir cheoltóirí, drámadóirí agus amhránaithe).
Agus í ar chuairt inniu ar Ghaeltacht na Rinne, d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. i gcomhar leis an Aire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. go bhfuil ciste €3.72m thar tréimhse 3 bliana – 2022/23, 2023/24 & 2024/25 (€1.24m in aghaidh na bliana) ceadaithe aici don eagraíocht Ghaeltachta: Ealaín na Gaeltachta.
Bainfear leas as an gciste seo chun clár oibre a fheidhmiú fud fad na Gaeltachta a mbeidh mar phríomh-aidhm aige deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil d’aos óg na Gaeltachta tríd na healaíona teanga-bhunaithe.
Tá clár cumasaithe don óige dar teideal: Cuisle mar ábhar lárnach an chiste atá ceadaithe - a bhfuil sé mar sprioc aige na healaíona teanga-bhunaithe, go háirithe an drámaíocht a chur chun cinn sa Ghaeltacht.
Is é an tríú deontas trí bliana atá ceadaithe ag an Roinn d’Ealaín na Gaeltachta mar thaca breise d’fheidhmiú leanúnach an phróisis pleanála teanga.
Bainfear leas as an gciste méadaithe go príomha chun:
• freastal ar c. 5,000 dalta/páiste i 15 Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta tríd an gclár Cuisle
• tacú le 2 phost lánaimseartha agus 2 phost páirtaimseartha a chruthú chun clár oibre méadaithe na heagraíochta a fheidhmiú
• deis ioncaim a chruthú do suas le 14 ealaíontóirí – idir cheoltóirí, drámadóirí agus amhránaithe.
Rinneadh an ciste a fhógairt agus an tAire Martin sa Rinn le cuairt a thabhairt ar Choláiste na Rinne - áit ar chaith sí bliain ar scoil ann. In éindí le cuairt ar a alma mater chuaigh an tAire Martin ar chuairt chuig an gcomhlacht léiriúcháin teilifíse Nemeton atá lonnaithe sa cheantar.
Dúirt an tAire Martin:
“Is údar áthais dom an ciste seo a cheadú d’Ealaín na Gaeltachta i gcomhar leis an Aire Stáit O’Donovan. Tá obair fhónta ar bun le blianta fada ag Ealaín na Gaeltachta le cúnamh mo Roinne agus an Údaráis araon, chun tacú le cur chun cinn na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Is ea is tábhachtaí ná riamh atá an obair sin agus is ea is mó a aithnítear ná riamh an luach faoi leith a bhaineann leis na healaíona teanga-bhunaithe don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Is cuid lárnach de chultúr sainiúil na Gaeltachta na healaíona teanga-bhunaithe – idir amhránaíocht ar an sean-nós, cheol, drámaíocht agus damhsa. Tríd an ciste méadaithe seo atá ceadaithe cuirfear ar chumas Ealaín na Gaeltachta an clár luachmhar oibre atá idir lámha acu a mhéadú tuilleadh ar son an chuid is luachmhara agus is sainiúla den chultúr Gaeltachta - an Ghaeilge.”
Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:
“Is deis iontach é an ciste seo don eagraíocht chun an obair atá ar siúl acu le sé bliana is fiche a leathnú amach ar leas aos óg agus phobal na Gaeltachta araon. Cruthóidh sé tairbhe bhreise dóibh siúd a bhainfidh leas as an raon gníomhaíochtaí a bhíonn á riar ag Ealaín na Gaeltachta - chomh maith ar ndóigh le deiseanna luachmhara fostaíochta do chleachtóirí na n-ealaíon – lena n-áirítear múinteoirí damhsa, ceoil agus drámaíochta."
"Is beart praiticiúil é seo a luíonn isteach leis an raon bearta eile atá idir lámha agus á maoiniú ag an Roinn chun eispéireas Gaeilge aos óg na Gaeltachta ach go háirithe, a shaibhriú tuilleadh - idir Scéim na gCúntóirí Teanga, Clár na gCluichí Gaelacha agus an Clár Aclaíochta."
"De thoradh seo uile – táimid ag tacú le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga agus an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Thar aon ní eile áfach is í an Ghaeilge, aos óg na Gaeltachta agus na healaíona dúchasacha a bheidh chun tosaigh de bharr seo."
Dúirt stiúrthóir Ealaín na Gaeltachta, Paddy Glackin:
"Cuireann Ealaín na Gaeltachta fearadh na fáilte roimh fhógra an Aire Catherine Martin agus an Aire Stáit O’ Donovan go bhfuil clár maoinithe trí bliana eile ceadaithe le tacú le clár Cuisle a fhás agus a fhorbairt tuilleadh. Cuirfidh seo go mór lenár gcumas mar eagraíocht deiseanna breise a sholáthar d'aos óg na Gaeltachta sna réimsí ceoil, damhsa, amhránaíochta, ealaíona béil agus anois sa drámaíocht. Beidh a rian le feiceáil ar chleachtas na n-ealaíon sin sa Ghaeltacht go ceann i bhfad."
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin:
“Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an bhfógra seo inniu. Cinnteoidh an t-allúntas go mbeidh ár bhfochuideachta: Ealaín na Gaeltachta, in ann an clár cumasaithe sna healaíona dúchasacha a chur ar fáil do dhaoine óga sna limistéir phleanála teanga ar fud na Gaeltachta. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeidh an deis cheart ag aos óg na Gaeltachta scileanna cruthaitheacha agus pearsanta a fhorbairt chun iad a ullmhú don saol amach rompu. Tríd an gclár seo déanfar na healaíona, an cultúr agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh ina measc”.
Is mar thaca faoi leith d’fheidhmiú ghníomh 2.10, 5.46 agus 5.49 de Plean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge atá an maoiniú seo á chur ar fáil.
• Is ardú ar fiú €2.445m atá ann thar an deontas deireanach a ceadaíodh don eagraíocht
• €1.275m a ceadaíodh don eagraíocht in 2019, thar thréimhse 3 bliana chun leas na n-ealaíon teangabhunaithe sa Ghaeltacht agus deiseanna feabhsaithe foghlama agus oiliúna a sholáthar d'aos óg na Gaeltachta; agus
• Ceadaíodh €150,000 in 2021 chun clár píolótach sa drámaíocht Ghaeilge a fhorbairt sa Ghaeltacht.
• I 1997, bhunaigh Údarás na Gaeltachta an fhochuideachta Ealaín na Gaeltachta (EnaG) Teo. chun ealaíona dúchasacha agus comhaimseartha na Gaeltachta a fhorbairt agus a chur chun cinn agus chun deiseanna forbartha agus fostaíochta san earnáil a mhéadú.
• Aithníonn EnaG na healaíona traidisiúnta, go háirithe an drámaíocht, an scríbhneoireacht, an ceol agus na healaíona béil, mar bhealaí chun an Ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn. Tá láithreacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag an eagraíocht agus naisc aici le heagraíochtaí ealaíon ar fud na tíre agus le heagraíochtaí atá ag feidhmiú i dtíortha eile ina bhfuil mionteanga á labhairt - http://www.ealain.ie/en/
• Tá triúr áisitheoirí ealaíona fostaithe ag Ealaín na Gaeltachta sna réigiúin éagsúla Ghaeltachta (Connachta agus Co. na Mí, an Mumha, agus Dún na nGall). Tá Feidhmeannach Forbartha Ealaíne fostaithe ag an Údarás agus tá sé freagrach as comhordú a dhéanamh ar an chlár forbartha ealaíne.
• Is comhpháirtíocht í Ealaín na Gaeltachta Teo. idir an tÚdarás agus an Chomhairle Ealaíon agus déanann an dá eagraíocht an comhlacht a chomh-mhaoiniú in éindí le maoiniú ón Roinn.
• Tá go leor spriocanna bainte amach ag EnaG ó 2019-2022 le cúnamh na Roinne:
o Leanadh ar aghaidh ag cur ranganna ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe, Dhún na nGall agus Chorcaigh.
o Nuair a cuireadh srianta i bhfeidhm rinne 9 dteagascóir ranganna go fíorúil.
o Rinneadh freastal den chead uair ar cheantar Dhúiche Sheoigheach.
o Leanadh le fostú painéal teagascóirí, 12 ealaíontóir in iomlán le 9 ar an meán fostaithe ar na painéil do gach téarma.
o Reáchtáladh ranganna Splanc i gcomhpháirtíocht le Tuismitheoirí na Gaeltachta. Thóg E na G ar lámh é nuair a aistríodh an tseirbhís ar líne.
o Reáchtáladh ceolchoirmeacha amuigh faoin aer in Áras na seandaoine ar an gCeathrú Rua agus ar an bPáirc sa Spidéal.
o Taifeadadh sraith fhíseáin do dhaoine óga a bheidh mar áis ag na scoileanna agus na ranganna iarscoile agus a chuirfidh luach breise leis an gclár.
o Craoladh físeáin cheoil
• Tháinig fás ar ghníomhaíochtaí na heagraíochta agus iad ag freastal ar 15 LPT.