Seolann an Taoiseach, na hAirí Sláinte agus oifigigh shinsearacha ó FSS an Líne Faisnéise ‘Do Mheabhairshláinte’ 1800 111 888
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Déardaoin an 28 Samhain), sheol an Taoiseach Leo Varadkar, Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, líne theileafóin thiomnaithe nua le haghaidh faisnéis meabhairshláinte, is é sin, Saorghlao 1800 111 888 .
Seirbhís rúnda Saorghlao a bheidh ar fáil 24 huaire sa lá, 7 lá sa tseachtain is ea an líne faisnéise ‘Do Mheabhairshláinte’ (‘Your Mental Health’). Tríd an líne, díreofar daoine i dtreo tacaí meabhairshláinte agus tairgfear faisnéis faoin dóigh ar féidir rochtain a fháil ar na seirbhísí a sholáthraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus comhpháirtithe cistithe ar fud na tíre.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar:
“Tríd an líne theileafóin thiomnaithe nua seo, cabhrófar le daoine atá thíos le droch-mheabhairshláinte – agus lena dteaghlach – rochtain a fháil ar fhaisnéis nuair a bhíonn an gá is mó acu léi. Nuair a bhíonn daoine in ísle brí nó faoi ghruaim nó nuair a bhíonn smaointe féinmharfacha acu, braitheann siad uaireanta nach mbíonn aon chabhair ar fáil dóibh. Tríd an tseirbhís nua seo, cuirfear glaoiteoirí i dteagmháil le ball foirne oilte a thabharfaidh faisnéis dóibh faoi na seirbhísí atá ar fáil ar leibhéal náisiúnta agus ina limistéar féin araon.
“Mhéadaigh an Rialtas an buiséad don mheabhairshláinte go mór le blianta beaga anuas; agus caithfimid beagán os cionn €1 billiún ar sheirbhísí meabhairshláinte an bhliain seo chugainn. Mar sin féin, is eol dúinn go dtagann a lán daoine roimh dhúshláin ollmhóra go fóill agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar an gcúram a theastaíonn uathu. Is cúis áthais dom go bhfuil FSS agus an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr ag obair le chéile ar an líne faisnéise nua seo agus tá súil againn go léir go gcabhróidh an líne le daoine rochtain a fháil ar sheirbhísí meabhairshláinte nuair a theastaíonn iad uathu.”
Dúirt Simon Harris TD, an tAire Sláinte:
“Is lá thar a bheith tábhachtach é seo. Tá an líne theileafóin seo le haghaidh faisnéis meabhairshláinte dírithe ar dhaoine a dteastaíonn comhairle, treoir agus cúnamh uathu ag am an-deacair. Is ionann an líne faisnéise agus leathnú eile ar ár seirbhísí meabhairshláinte. Níl sa líne ach ceann amháin den chuid mhór forbairtí agus feabhsuithe móra a rinneadh ar sheirbhísí meabhairshláinte le deich mbliana anuas, ó foilsíodh [internal-link 9156 | Fís don Athrú ], an beartas náisiúnta meabhairshláinte, sa bhliain 2006.”
“Cuirfear an líne faisnéise meabhairshláinte seo leis an tsraith shíormhéadaitheach seirbhísí meabhairshláinte atá ar bun againn agus molaim na páirtithe uile lena mbaineann agus gabhaim buíochas leo as í a chur i bhfeidhm. Tabharfaimid tionscnaimh chomhairleoireachta ar líne agus téacslíne ghéarchéime náisiúnta isteach sna míonna atá romhainn freisin.”
D’fhógair Jim Daly TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, mionsonraí faoin Líne Faisnéise nua inniu. Dúirt sé,
“Tráth a ceapadh mé mar Aire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte níos mó ná dhá bhliain ó shin, d’aithin mé láithreach bonn go raibh a lán sársholáthraithe seirbhíse againn ar fud na tíre. Bhí sé soiléir dom freisin, áfach, nach raibh formhór mór na ndaoine ar an eolas faoina raibh ar fáil ó na soláthraithe seirbhíse difriúla, faoina raibh ar fáil ina limistéar féin nó faoin dóigh a bhféadfadh siad dul i dteagmháil le soláthraithe. Chinn mé go dteastódh uainn rochtain uilechoiteann ar an mbreis agus 1000 seirbhís meabhairshláinte atá á gcistiú ag FSS agus atá ar fáil do dhaoine ar fud na tíre.”
“Is í an líne atá á seoladh inniu an toradh ar obair mhór a cuireadh isteach thar an dá bhliain seo a chuaigh thart, a fhágann go bhfuil foireann i bhfeidhm anois chun glaonna a thógáil ó dhaoine den phobal ar bhonn 24/7, agus iad ag oibriú faoin aon uimhir theileafóin láraithe amháin. Tríd an tseirbhís thiomnaithe seo, cuirfear glaoiteoirí i dteagmháil le ball foirne a thabharfaidh faisnéis dóibh faoi na tacaí agus na seirbhísí atá ar fáil ar leibhéal náisiúnta agus ina limistéar féin araon. Tá an tseirbhís teileafóin ‘Do Mheabhairshláinte’ ina sárshampla eile den dóigh ar féidir linn leanúint leis an teicneolaíocht a úsáid chun rochtain níos fearr agus níos éasca a thabhairt ar thacaí agus seirbhísí meabhairshláinte.”
Oibreoidh an Rannóg Meabhairshláinte in FSS agus an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr i gcomhpháirt lena chéile chun an Líne Faisnéise ‘Do Mheabhairshláinte’ a éascú.
Tá an Líne Faisnéise ‘Do Mheabhairshláinte’ ina cuid den mhórthionscadal Tacaí Meabhairshláinte Digiteacha, a bhfuil mar aidhm leis feabhas a chur ar rochtain ar thacaí meabhairshláinte ach an teicneolaíocht a úsáid. Mar chuid den tionscadal sin, athfhorbrófar an suíomh Gréasáin yourmentalhealth.ie , forbrófar an Téacslíne Ghéarchéime, agus bainfear triail as comhairleoireacht ar líne, as teiripe chognaíoch iompraíoch Idirlíonbhunaithe agus as teilishíciatracht.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig YourMentalHealth.ie
CRÍOCH