Fógraíonn an tAire McHugh go bhfuil na Scrúduithe Stáit curtha ar athló
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leanann na hathruithe an chomhairle sláinte is déanaí a bhaineann le dúnadh na scoileanna go dtí go bhfógrófar a mhalairt
Tá an t-Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh TD, tar éis sraith d’athruithe a fhógairt faoi na Scrúduithe Stáit inniu (Dé hAoine, 10 Aibreáin 2020), de bharr Covid-19, agus cur siar scrúduithe na hArdteistiméireachta san áireamh.
Bunaíodh na cinntí seo ar chomhairle sláinte phoiblí nua ón bhFhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (FNÉSP)
Dúirt an tAire McHugh go raibh pleananna á eagrú le scrúdú na hArdteistiméireachta a chur ar athló go dtí an tseachtain dheireanach de mhí Iúil nó go luath i mí Lúnasa, ag brath ar chomhairle sláinte poiblí.
Reáchtálfar scrúduithe agus measúnuithe scoilbhunaithe don tSraith Shóisearach in ionad na scrúduithe deiridh mhí an Mheithimh go luath sa scoilbhliain nua.
Tá sraith de shocruithe eile ann freisin –
Dúirt an tAire McHugh:
“Tá gach cinneadh atá á dhéanamh againn, a bhaineann le hathsceidealú na scrúduithe bunaithe ar chomhairle sláinte phoiblí reatha agus ar leas na scoláirí ar an gcéad dul síos. Tá leas na scoláirí agus leas a dteaghlaigh de dhlúth agus d’inneach i ngach cinneadh a ghlactar.
“Beidh socruithe deiridh na scrúduithe, na hionaid scrúdaithe, scaradh sóisialta agus bearta eile deimhnithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) agus bunaithe ar an gcomhairle sláinte poiblí i mí Meitheamh. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le CSS as ucht na hoibre ar fad atá déanta acu chun na bearta nua seo a chur i gcrích.
“Tá soiléireacht iarrtha ag scoláirí agus ag a dteaghlaigh. Freagraíonn fógra an lae inniu dá n-iarratais. Tugann sé fógra roinnt mhaith seachtainní dóibh freisin chun ullmhú do na scrúduithe. Tá súil agam go dtugann sé faoiseamh ón strus atá ar scoláirí agus ar a muintir ag an am seo.
Ní go bog a iarraimid ar scoláirí agus ar a dteaghlaigh, diriú isteach ar chúrsaí scoile arís ó Mheitheamh go Lúnasa. Is é mo bharúil, áfach, gurb é seo an tslí is cothroime le scoláirí a mheasúnú agus chun teastas ar a ngnóthachtáil ar scoil agus conair chuig ollscolaíocht, institiúidí teicneolaíochta, breis oideachais agus oiliúna agus printíseacht nó obair a thabhairt dóibh.
Dúirt an tAire McHugh chomh maith:
“Tabharfar tacaíocht iomlán do scoláirí le riachtanais speisialta oideachais agus iad ag tabhairt faoi scrúduithe na hArdteistiméireachta athsceidealaithe ag teacht leis na scoruithe réasúnta atá ar fáil dóibh cheana féin.
Dúirt an t-Aire McHugh go raibh sé i gceist go gcaithfí coicís, ar a laghad, ar scoil sula dtosódh scrúduithe na hArdteistiméireachta.
“Ní féidir cur síos ar an méid oibre atá á dhéanamh ag scoileanna agus ag múinteoirí, chun teagmháil a dhéanamh le scoláirí agus chun iad a choimeád ag foghlaim. Tá ardmholadh tuillte ag múinteoirí, príomhoidí agus foireann na scoileanna as an dtiomantas do thacaíocht a thabhairt do scoláirí lena n-obair scoile agus lena bhfolláine.
“Is féidir leo cur leis an gcianobair scoile más féidir linn a chinntiú go mbeidh coicís ar a laghad acu sa seomra ranga ar scoil sula dtosóidh na scrúduithe chun a bheith i mbun teagaisc agus ullmhúcháin do na scrúduithe aghaidh-ar-aghaidh lena scoláirí.
Mar chuid de na hathruithe don tSraith Shóisearach rachfar i mbun cainteanna le ceardchumainn na múinteoirí agus bainistíocht scoileanna chun na scrúdaithe seo, nasctha leis na Measúnuithe Rangbhunaithe, na Tascanna Measúnachta agus obair thionscadail a chríochnú mar mheasúnuithe scoilbhunaithe go luath sa scoilbhliana nua.
Thug an tAire McHugh aitheantas do cheardchumainn, do chomhlachtaí bainistíochta agus do na hearnálacha breisoideachais agus oiliúna agus ardoideachais as ucht an chur chuige dearfach a bhí acu agus na saincheisteanna seo ar fad á bplé.
“Tá mé fíor-bhuíoch as ucht an chomhoibrithe a thaispeáin gach duine a bhí páirteach sna cainteanna seo in ainneoin na ndúshlán mór atá ann do dhaoine óga, dá dteaghlaigh agus dá múinteoirí. Táim cinnte de gur féidir linn coinneáil ag obair le chéile chun an toradh is fearr do na scoláirí a bhaint amach,” a dúirt an tAire.
Dúirt an tAire Stáit um Ard-Oideachas, Mary Mitchell O’Connor:
“Tá na hInstitiúidí Treasach ag súil le fáilte a chur roimh scoláirí Ardteistiméireachta na bliana seo atá tar éis iarratas a chur isteach ar a gcúrsaí. Tuigim na deacrachtaí atá agus a bheidh rompu agus cuirim fáilte roimh an cur chuige solúbtha atá an earnáil ag cur i bhfeidhm agus iad ag iarraidh go mbeadh na scoláirí seo in ann áit a ghlacadh sa chúrsa atá roghnaithe acu.”
Beidh an próiseas iontrála ardoideachais, atá á stiúradh ag an Lár-Oifig Iontrála (CAO), chomh cóngarach agus is féidir don ghnáth-thréimhse le haghaidh tairiscintí agus beidh moill ar an dáta iontrála do scoláirí ag dul isteach sa chéad bhliain.
Tá iarrtha ag an Roinn ar an Údarás um Ard-Oideachas agus ar an earnáil ardoideachais bealaí a chruthú a chinnteodh go mbeadh rochtain ag scoláirí ó ghrúpaí a bhfuil tearcionadaíocht acu ar ardoideachas.
Críoch
Dúnadh na scoileanna
Staitistic Ardteistiméireachta
Béaltrialacha agus trialalcha praiticiúla feidhmíochta
Tionscadail phraiticiúla agus obair chúrsa
Scrúduithe praiticiúla
An Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) agus Nascmhodúil Ghairmchlár na hArdteistiméireachta
Is clár Ardteisiméireachta dhá bhliain atá leithleach agus neamhspléach é an Ardteistiméireacht Fheidhmeach agus is í an aidhm atá aige ná scoláirí a ullmhú don saol oibre agus don saol go ginearálta.
Is clár Ardteisiméireachta é Gairmchlár na hArdteistiméireachta atá dírithe don chuid is mó ar ghairm. Is féidir an clár seo a dhéanamh in éindí le hábhair eile.
Beidh na gnéithe seo a leanas athsceidealaithe go dtí an tréimhse sin ag deireadh mí Iúil/Lúnasa