Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 19 Eanáir 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh 6,843* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Ina theannta sin, Dé Luain an 17 Eanáir, chláraigh 5,295** duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
6,087 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo. Áirítear leis seo 52 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).
Amhail 8am inniu, tá 910 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 90 acusan san aonad dianchúraim.
CRÍOCH
Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19
**Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí mhol sonraí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.