Foilsíonn an tAire McGrath agus an tAire Donohoe Uasdátú i dtaobh an Chláir Cobhsaíochta 2023
Ó An Roinn Airgeadais; An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Airgeadais; An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (an 18 Aibreán), d’fhoilsigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, agus Paschal Donohoe, an tAire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, an tUasdátú ón Rialtas i dtaobh an Chláir Cobhsaíochta don bhliain 2023. Leagtar amach sa doiciméad sin na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha agus fioscacha do na tréimhsí 2023-2030 agus 2023-2026 faoi seach. D’fhormhuinigh Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha a bhfuil an tUasdátú ar an gClár Cobhsaíochta (ar ceanglas dlíthiúil é) bunaithe orthu an 6 Aibreán.
Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt an tAire McGrath:
“Beag beann ar rátaí boilscithe a bheith ar an leibhéal is airde le blianta fada anuas, agus beag beann ar an éiginnteacht dhomhanda mhéadaithe, chruthaigh geilleagar na hÉireann a bheith thar a bheith athléimneach, go háirithe sa mhargadh saothair, áit a bhfuil an ráta dífhostaíochta ar an leibhéal is ísle riamh, beagnach. Ag an am céanna, chabhraigh tacaí ón rialtas leis na tionchair a bhí ag brúnna boilscitheacha ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí a mhaolú go pointe éigin le linn mhíonna an gheimhridh.
“Agus praghsanna fuinnimh ag laghdú anois, is cosúil go bhfuil boilsciú ar chonair anuas, fad nach mbeidh aon suaitheadh eile ann ar phraghsanna fuinnimh. Beidh boilsciú fós ard i mbliana, áfach. Táthar ag súil leis go mbeidh boilsciú príomha cothrom le 4.9 faoin gcéad ar an meán i mbliana, sula bhfillfidh sé ar 2½ faoin gcéad sa bhliain 2024. Tá sé réamh-mheasta ag mo roinn anois go méadóidh Éileamh Modhnaithe Intíre faoi 2.1 faoin gcéad i mbliana – beagán faoi bhun 1 phointe céatadánach níos mó ná na réamhaisnéisí a rinne an roinn san fhómhar – agus go méadóidh sé faoi 2½ faoin gcéad sa bhliain 2024. Ina ainneoin sin, tá lamháil shuntasach earráide ann maidir leis na réamhaisnéisí sin agus tá an t-ionchas don gheilleagar domhanda leochaileach go fóill, mar a thug an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta faoi deara an tseachtain seo caite.
“Leag mo roinn réamhaisnéisí meántéarmacha suas go dtí an bhliain 2030 amach do phríomhathróga maicreacnamaíocha freisin chun tacú le treoshuíomh meántéarmach an bheartais bhuiséadaigh. Déantar talamh slán de go bhforbróidh gníomhaíocht eacnamaíoch ar aon dul le hacmhainn soláthair an gheilleagair ina dhiaidh sin. Thar an dara leath den deacáid seo, tá sé réamh-mheasta go méadóidh aschur - arna thomhas bunaithe ar Ollioncam Náisiúnta* - faoi mheánráta bliantúil 2¼ faoin gcéad, figiúr a bheidh níos ísle ná an figiúr do na deacáidí seo a chuaigh thart agus is féidir a chur síos go páirteach do dhaonra atá ag aosú.”
Ag labhairt dó faoin airgeadas poiblí, dúirt an tAire McGrath:
“Maidir le forbairtí fioscacha, tá sé réamh-mheasta againn go mbeidh barrachas €10 billiún ann i mbliana, cothrom le 3.5 faoin gcéad d’ioncam náisiúnta. Tá sé sin bunaithe ar an toimhde go mbeidh ioncam cánach cothrom le beagnach €89 billiún, ráta fáis de bheagnach 7 faoin gcéad. Cé go bhfuil sé sin an-dearfach, ar ndóigh, beidh an barrachas príomha i mbliana ag brath go mór ar fháltais luaineacha ‘amhantair’ ó cháin chorparáide. Tá sé réamh-mheasta go mbeidh easnamh bunúsach €1.8 billiún ann i mbliana in éagmais na bhfáltas sin, a mheastar a bheidh cothrom le beagnach €12 billiún i mbliana. Tugann sé sin léiriú níos fearr ar a athléimní atá ár n-airgeadas poiblí.
“Ó thaobh cúrsaí fioscacha de, tá dúshláin thromchúiseacha romhainn: daonra atá ag aosú; rioscaí d’inbhuanaitheacht na bhfáltas ó cháin chorparáide; dícharbónú agus digitiú; agus iarmhairtí na dteannas geopholaitiúil méadaitheach do ghníomhaíocht eacnamaíoch. Faoi dheireadh na deacáide seo, mar shampla, táthar ag súil leis go mbeidh caiteachas breise aoischoibhneasa a bheidh sa raon idir €7 billiún agus €8 billiún in aghaidh na bliana, i gcoibhneas leis an leibhéal caiteachais i dtús na deacáide, ag teastáil ionas gur féidir leanúint leis na leibhéil seirbhíse poiblí atá ann cheana a sholáthar. Tá na dúshláin sin ag teacht chun cinn freisin ag am ina bhfuil ardfhiachas poiblí againn agus ina bhfuil an costas iasachtaíochta ag méadú. Sin an fáth a mbeidh mé ag cur tograí i láthair go luath le haghaidh cúlchiste náisiúnta a bheidh dírithe ar an bhfadtéarma. Tá an ciste sin ag ardchéim dá fhorbairt cheana féin.
“Cé go bhfuil súil agam go bhfuilimid ag teacht amach as an gcuid is measa den ghéarchéim costas maireachtála, tá rioscaí láithreacha ann go fóill. Tá muinín agam, áfach, go bhfuil geilleagar na hÉireann fós athléimneach, go háirithe i bhfianaise ár margaidh saothair láidir. Leanfaidh an rialtas leis na daoine is mó atá thíos le brúnna costas maireachtála a chosaint, agus é ag déanamh bainistiú ar an airgeadas poiblí ar bhealach a gcuireann ar chumas an Stáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin fhioscacha a bheidh ann sna blianta atá romhainn.”
Ag labhairt dó faoin bhfoilseachán, dúirt an tAire Donohoe:
“Is ionann an foilseachán seo agus pointe tábhachtach dár dtimthriall buiséadach. Is é an toradh atá air sinn a chumasú ár machnamh a dhéanamh ar an infheistíocht shuntasach leanúnach i seirbhísí poiblí ríthábhachtacha agus i mbonneagar poiblí ríthábhachtach. Toradh eile atá air is ea deis a thabhairt dúinn féachaint ar a bhfuil i ndán dúinn, toisc go leagtar amach ann pleananna fioscacha suas go dtí an bhliain 2026.
“A bhuí leis na tacaí a chuir an Rialtas i bhfeidhm, bhí ár ngeilleagar agus ár sochaí in ann bheith athléimneach i leith na ndúshlán a tháinig romhainn sna trí bliana seo a chuaigh thart. Soláthraíodh breis agus €40 billiún ón mbliain 2020 i leith chun tacú lenár gcuid teaghlach, gnólachtaí agus seirbhísí poiblí déileáil leis na dúshláin a tháinig as paindéim COVID-19, as an mBreatimeacht, as an gcogadh san Úcráin agus as na méaduithe a tháinig ar an gcostas maireachtála le déanaí. Chinntigh na tacaí sin gur théarnaigh ár ngeilleagar. Tá sé réamh-mheasta anois go mbeidh an ráta dífhostaíochta cothrom le 4.4 faoin gcéad sa bhliain 2023, an meánráta bliantúil is ísle ón mbliain 2001 i leith.
“Tháinig méadú ar chroíchaiteachas i gcomhthráth leis na tacaí eisceachtúla sin agus ar aon dul leis an Straitéis Mheántéarmach Caiteachais uainn. Chinntigh sé sin go ndearnadh infheistíocht inár scoileanna, inár gcórais iompair, inár n-earnáil sláinte agus inár n-earnáil cúram leanaí. Chonaiceamar dul chun cinn suntasach maidir leis an bPlean Forbartha Náisiúnta a chur i bhfeidhm thar an mbliain seo a chuaigh thart, agus infheistíocht chaipitil i mbonneagar ríthábhachtach ag méadú arís eile go níos mó ná €12 billiún i mbliana. D’fhógair mé pacáiste athchóirithe suntasacha le déanaí a bhfuil mar aidhm leo soláthar tionscadal a fheabhsú don Phlean Forbartha Náisiúnta sa bhliain 2023 agus ina diaidh.
“Príomhthosaíochtaí don am atá le teacht is ea caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú agus fás geilleagrach a chothú. Chun tacú leis sin, méadóidh an rialtas caiteachas bliantúil go beagnach €100 billiún faoin mbliain 2026. Mar thoradh ar an infheistíocht sin, soláthrófar méaduithe inbhuanaithe inár seirbhísí poiblí ar aon dul le riachtanais ár ndaonra atá ag athrú faoin Straitéis Mheántéarmach Caiteachais. Leanfar le hinfheistíocht chaipitil a dhéanamh sna tionscadail sin a dhéanann difear dár mbeatha tríd an bPlean Forbartha Náisiúnta freisin.
“Thar na míonna atá romhainn, déanfaidh mé athbhreithniú ar ár bpleananna roimh Ráiteas Geilleagair an tSamhraidh, rud ina leagfar amach na paraiméadair do Bhuiséad 2024.”
1. Is ceanglas dlíthiúil é Uasdátú i dtaobh an Chláir Cobhsaíochta a ullmhú: ní mór do gach Ballstát Uasdátú i dtaobh an Chláir Cobhsaíochta a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí agus an Choimisiúin Eorpaigh faoi dheireadh mhí Aibreáin gach bliain.
2. Ullmhaítear an doiciméad bunaithe ar bheartais rialtais atá ann cheana agus ní chuirtear aon bheartais nua ar áireamh ann.
3. Táirgeann an roinn dhá réamhaisnéis mhaicreacnamaíocha agus fhioscacha gach bliain, is iad sin: réamhaisnéis earraigh a tháirgtear in éineacht leis an Uasdátú i dtaobh an Chláir Cobhsaíochta i mí Aibreáin; agus réamhaisnéis fómhair a tháirgtear in éineacht leis an mBuiséad.
Tá an anailís mhaicreacnamaíoch agus na réamhaisnéisí maicreacnamaíocha sa doiciméad bunaithe ar shonraí a bhí ar fáil suas go deireadh mhí an Mhárta 2023. Tá na réamh-mheastacháin fhioscacha bunaithe ar shonraí amhail lár mhí Aibreáin. Tá an láithreoireacht a tugadh do Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Airgeadais.