Fáiltíonn an tAire Rabbitte roimh Thoscaireacht EDS go hÉirinn le haghaidh plé ar Theicneolaíochtaí Digiteacha agus Cúnta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Rabbitte fáite inniu roimh thoscaireacht ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) chuig an Roinn Sláinte. Tá an toscaireacht faoi cheannas an Ardstiúrthóra Cúnta, An Dochtúir Mariangela Simao, agus pléifidh sí todhchaí fhorbairt agus úsáid na dTeicneolaíochtaí Digiteacha agus Cúnta agus fiosróidh sí an fhéidearthacht go measfar Éire mar cheannaire domhanda sa réimse seo.
Is í An Dochtúir Simão an tArdstiúrthóir Cúnta agus tá sí freagrach as rochtain ar leigheasanna agus táirgí sláinte. In éineacht léi tá An tUasal Chapal Khasnabis, atá ina cheannasaí ar an aonad ‘Rochtain ar Theicneolaíocht Chúnta agus Feistí Leighis’ ag an EDS.
Tagann an cruinniú roimh sheoladh na Tuarascála Domhanda ar Theicneolaíochtaí Cúnta, áit a mbeidh An Taoiseach ina eochairchainteoir, agus ina dtabharfaidh an tAire Rabbitte aitheasc freisin. Léiríonn an tuarascáil seo comhoibriú riachtanach agus éifeachtach idir EDS agus UNICEF chun mórathrú a bhfuil géarghá leis a chruthú inár gcur chuige i leith na teicneolaíochta cúnta, ar fud an domhain.
Bhuail an tAire Rabbitte leis an toscaireacht ag Plaza Miesach agus dúirt sé:
“Bhí Éire ar thús cadhnaíochta i gcónaí maidir le forbairt teicneolaíochtaí cúnta, ó bheith ag obair leis an EDS ar fhorbairt an liosta táirgí Cúnta, go dtí an fhorbairt le déanaí ar an tionscnamh Rannpháirtíocht Cheart Chomhoibritheach um Fheabhsú Teicneolaíochta Cúnta (CREATE).
"Buailim go rialta le doaine atá faoi mhíchumas, a dteaghlaigh agus le soláthraithe seirbhíse agus tuigim go díreach an tionchar ollmhór atá ag teicneolaíochtaí cúnta, cé acu cathaoireacha rothaí, aipeanna, callairí cliste nó trealamh speisialaithe TF.
"Is tréimhse an-spreagúil í seo maidir le nuálaíocht agus forbairt teicneolaíochtaí digiteacha agus cúnta. Táim meáite ar a chinntiú go leanann Éire de bheith ar thús cadhnaíochta maidir le forbairtí sa réimse seo, agus go leanann ár gcuid oibre leis an EDS ag dul chun tairbhe do dhaoine atá faoi mhíchumas”.
Is scáth-théarma é teicneolaíocht dhigiteach agus chúnta a chlúdaíonn na córais agus na seirbhísí a bhaineann le táirgí agus seirbhísí cúnta a sheachadadh. Cothaíonn nó feabhsaíonn táirgí cúnta feidhmiú agus neamhspleáchas an duine aonair, rud a chuireann a bhfolláine chun cinn. Tá sé léirithe ag taighde, de réir mar a athróidh déimeagrafaic dhomhanda sna blianta atá amach romhainn, go bhfuiltear ag súil go mbeidh na teicneolaíochtaí seo riachtanach chun cáilíocht na beatha a chothabháil agus a fheabhsú, go háirithe do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta.
CRÍOCH