Seolann an tAire O’Gorman comhairliúchán poiblí ar rialacháin nua feighlíochta leanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu gur seoladh comhairliúchán poiblí ar rialacháin nua a rialaíonn an earnáil feighlíochta leanaí. Is pointe tábhachtach í an chéim seo sna hiarrachtaí chun cur le cáilíocht agus dearbhú seirbhísí feighlíochta leanaí ar fud na hÉireann agus chun iad a fheabhsú.
Tabharfaidh an próiseas comhairliúcháin, a thosóidh an 08 Feabhra 2024 agus a bheidh ar siúl go dtí an 02 Bealtaine 2024, deis d’fheighlithe leanaí agus do thuismitheoirí na dréachtrialacháin atá beartaithe a fheiceáil agus beidh deis acu a dtuairimí a nochtadh. Beidh daoine in ann foghlaim faoi na rialacháin agus a n-aiseolas a thabhairt trí shuirbhé ar líne, seimineáir ghréasáin agus grúpaí fócais ar an láthair go pearsanta, ag cinntiú aiseolais chuimsithigh ó na páirtithe leasmhara go léir. Cuirfidh an comhairliúchán seo le comhairliúcháin roimhe seo le feighlithe leanaí, ar nós an comhairliúchán ar an Dréachtphlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí.
Tá an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí, a tugadh isteach den chéad uair in 2021, tiomanta do stádas feighlithe leanaí a ardú agus cáilíocht an chúraim agus na luathfhoghlama a chuireann siad ar fáil a fheabhsú. Tá an plean, mar aon le tabhairt isteach céimnithe na n-athchóirithe, deartha chun aistriú éasca a chinntiú d’fheighlithe leanaí, ag tairiscint stádais mhéadaithe, rochtana ar mhaoiniú poiblí, agus tacaíochta fairsinge dóibh.
Beidh ról tábhachtach ag aiseolas agus léargas feighlithe leanaí agus tuismitheora i gcruthú creata rialála a shásaíonn ní amháin na caighdeáin is airde cúraim agus luathfhoghlama ach a thugann meas agus aitheantas freisin do shuíomh baile uathúil agus an ról ríthábhachtach atá ag feighlithe leanaí i bhforbairt leanaí.
Ag labhairt faoin gcomhairliúchán, dúirt an tAire O’Gorman:
“Ní tosaíocht bheartais amháin atá i rialáil na hearnála feighlíochta leanaí; is tiomantas é do thodhchaí ár bpáistí. Aithnítear feighlithe leanaí mar ghné dhlúth de shaol a lán leanaí agus teaghlach in Éirinn. Ciallóidh struchtúir nua le haghaidh feighlíochta leanaí tacaíochtaí níos fearr d’fheighlithe leanaí, do theaghlaigh agus do leanaí."
Lean an tAire O’Gorman ar aghaidh:
“Ó foilsíodh an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí sa bhliain 2021, tá mo Roinn ag obair go dian dícheallach chun a chinntiú go leantar ag tabhairt aire do leanaí i dtimpeallachtaí sábháilte, cothaitheacha i suíomh baile. Deis atá sa chomhairliúchán poiblí seo chun cabhrú le todhchaí na feighlíochta leanaí in Éirinn a mhúnlú. Molaim d’fheighlithe leanaí agus do thuismitheoirí a bheith páirteach sa chomhairliúchán seo. Le chéile, is féidir linn a chinntiú go leanann ár bpáistí ag fás aníos i dtimpeallachtaí a thacaíonn lena bhforbairt agus lena bhfoghlaim.”
Tá sé mar aidhm againn, agus na rialacháin seo á dtabhairt isteach, ráthaíocht a thabhairt do thuismitheoirí a úsáideann feighlithe leanaí maidir le ardchaighdeán cúraim leanaí agus luathfhoghlama, agus rochtain a oscailt ar an Scéim Náisiúnta Cúram Leanaí. Osclóidh na rialacháin nua tacaíochtaí airgeadais agus cáilíochta d’fheighlithe leanaí freisin.
Is í an aidhm atá leo ná clárú a oscailt d’fheighlithe leanaí agus rochtain a fháil ar an Scéim Náisiúnta Cúram Leanaí ó fhómhar na bliana 2024 ar aghaidh.
Ag aithint go bhfuil gá le tréimhse oiriúnaithe réasúnta, molann an dréachtreachtaíocht idirthréimhse trí bliana. Tá an tréimhse seo deartha chun am agus spás a thabhairt d’fheighlithe leanaí cloí leis na rialacháin, rud a cheadaíonn dóibh clárú gan a bheith faoi oibleagáid láithreach. Tugann na Coistí Contae um Chúram Leanaí tacaíocht d’fheighlithe leanaí agus iad ag clárú le hoiliúint agus treoir, le tacaíocht ó Tusla agus Feighlíocht Leanaí na hÉireann.
Cuir do thuairimí in iúl trí pháirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí anseo (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
CRÍOCH