Foilsiú Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann i gcoinne an Chiníochais 2023-2027 fógartha ag an Aire Joe O'Brien
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• D'fhorbair Coiste Frithchiníochais Neamhspleách an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais.
• Plean Forfheidhmithe Bliain a hAon aontaithe ar fud an rialtais.
• Maoiniú €1 mhilliún a cuireadh ar fáil do thionscnaimh fhrithchiníochais.
D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Forbartha Pobail, Carthanas agus lánpháirtíochta Joe O'Brien inniu foilsiú an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais (NAPAR) 2023-2027. Tá plean forfheidhmithe forbartha ag an Rialtas don chéad bhliain den NAPAR.
Ag labhairt ag seoladh an phlean inniu, dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar
"Tá freagracht orainn go léir aghaidh a thabhairt ar an gciníochas. Tá príomhról le himirt ag an Rialtas freisin maidir le sochaí chothrom, cóir agus chuimsitheach a chruthú. Is éard atá i gceist leis an bPlean seo ná a chinntiú go n-urramaítear gach duine, beag beann ar dhath, cúlra nó eitneacht, mar dhuine aonair agus go ndéantar breithiúnas orthu de bharr ábhar a gcarachtar, ní dath a gcraicinn ná a gcuma. Is féidir le duine ar bith ó chúlra mionlaigh eitneach nó déchiníoch taithí a fháil ar chiníochas. I gcásanna áirithe ní bhíonn sé mailíseach ach is féidir go n-airíonn tú difriúil nó laghdaithe go fóill, ach i gcásanna eile tá sé an-aon ghnó agus tá sé beartaithe gortú nó cion a dhéanamh. Baineann an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais le gníomhartha tras-Rialtais chun an ciníochas a dhéanamh níos lú inghlactha agus chun cuimsiú a chur chun cinn.”
Dúirt an Tánaiste, Micheál Martin
“Tá lúcháir orm cabhrú leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais a sheoladh inniu, críochtháirge na míonna fada d’obair dhícheallach ar thaobh an Choiste Frithchiníochais Neamhspleách. Tá na gníomhartha sa phlean seo uaillmhianach, ach ba chóir go mbeadh sochaí atá meáite ar a bheith cuimsitheach uaillmhianach chun dul i ngleic leis an gciníochas. Tá súil agam, le cur i bhfeidhm an phlean seo, go bhféachfar ar Éirinn mar áit fháilteach, áit ar féidir le daoine maireachtáil saor ó idirdhealú, le comhdheiseanna do chách."
Dúirt an tAire Joe O'Brien:
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCoiste Frithchiníochais as a n-iarrachtaí gan staonadh ar an tionscadal seo. Tá an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais mar thoradh ar dhá bhliain d'obair chrua, agus tá mé an-sásta a bheith in ann é a fhoilsiú inniu.
Tá sé mar aidhm ag na gníomhartha sa phlean Éire níos cuimsithí a chruthú, áit a mothaíonn gach duine sábháilte a saol féin a chaitheamh. Beidh ranna rialtais, údaráis áitiúla agus gníomhaireachtaí i gceannas ar chur i bhfeidhm an phlean, agus tá obair ar bun cheana féin, agus tá roinnt gníomhartha á gcur i bhfeidhm cheana féin. Moltar sa phlean bealaí inláimhsithe inar féidir linn go léir difríocht a dhéanamh inár sochaí, agus beidh mé ag spreagadh mo chomhghleacaithe glacadh leis."
Dúirt Cathaoirleach an Choiste Frithchiníochais, an tOllamh Emerita Caroline Fennell:
"Tá lúcháir orm foilsiú an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta a fheiceáil. B'iontach an oscailteacht agus an fhlaithiúlacht a bhí ag baill an Choiste agus iad i mbun na hoibre seo, mar a bhí toilteanas na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí pobail dul i ngleic le hobair an Choiste. Léiríonn sé seo go bhfuil an-dúil ag Éirinn san athrú. Leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais, beidh Éire ina sochaí níos fearr do chách, áit a mbeidh deis ag gach duine a lánacmhainneacht a bhaint amach agus saol comhlíonta a chaitheamh i sábháilteacht agus i sláinte."
Moltar sa phlean gníomhartha chun áit a dhéanamh d'Éirinn ina dtugtar aitheantas iomlán agus aghaidh ghníomhach do thionchair an chiníochais. D'fhorbair Coiste Frithchiníochais neamhspleách é a bhunaigh an tUasal Charles Flanagan, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag an am agus an tAire Stáit David Stanton in 2020.
Tá cruthú an Chiste Éire i gcoinne an Chiníochais á fhógairt ag an Aire O'Brien freisin, lena n-áireofar maoiniú suas le €1 milliún do thionscadail áitiúla agus réigiúnacha/náisiúnta araon a bhfuil fócas ar leith acu ar an bhfrithchiníochas.
I gcomhréir le moladh sa NAPAR, ceapfar Rapóirtéir Speisialta neamhspleách ar Chomhionannas Ciníoch agus Ciníochas chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean.
Is féidir teacht ar an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gcoinne an Chiníochais ag www.gov.ie/anti-racism.
National Action Plan Against Racism
Cuirfidh an Ciste Éire i gcoinne an Chiníochais (IARF) maoiniú ar fáil do thionscadail náisiúnta/réigiúnacha agus do thionscnaimh áitiúla a bhfuil sé mar aidhm acu ciníochas a chomhrac agus comhionannas ciníoch agus comhtháthú pobail a chothú, chun tacú le cur i bhfeidhm an NAPAR. Foilseofar eolas faoin gCiste nua.