Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine 07 Eanáir 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 21,926* cás dearbhaithe de COVID-19.
Amhail 8rn inniu, tá 936 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 84 acusan in Aonad Dianchúraim.
Tá staitisticí ar vacsaíní teanndáileoige ar fáil anois ar an mol sonraí COVID-19.
#CosaintIlshraitheach chun tú féin a chosaint ó ionfhabhtú COVID-19. Tá réimse póstaeir agus comharthaí ar fáil duit le húsáid.
I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig Rianaire Cúraim FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh an HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus ag próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR le linn na tréimse seo.