Cuireann an tAire Humphreys síneadh le Sochar Breoiteachta Breisithe go dtí deireadh mhí an Mheithimh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, TD, cead ón Rialtas chun Sochar Breoiteachta Breisithe (SBB) a shíneadh – a íoctar ar ráta €350 sa tseachtain – go dtí deireadh mhí an Mheithimh,
Leanfaidh an scéim seo ag tacú le daoine a ndiagnóisítear go bhfuil Covid-19 orthu nó ar gá dóibh féinaonrú ar aon dul le treoirlínte FSS nó tar éis go molann DG sin a dhéanamh.
Íoctar SBB ar ráta seachtainiúil €350 (gan an Domhnach a áireamh) agus íoctar é ón gcéad lá breoiteachta.
Go ginearálta, íoctar SBB ar feadh a fhaide le seacht lá ach, ag brath ar thromchúise an ionfhabhtaithe Covid-19, is féidir é a íoc ar feadh tréimhse níos faide.
Go dtí seo, íocadh beagnach €230 milliún faoin scéim seo, a thacaigh le breis breis agus 374,500 duine.
Deimhníodh 31,190 duine sa tseachtain ó Dé hAoine, an 21 Eanáir 2022 go Déardaoin, an 27 Eanáir 2022 leis an íocaíocht seo a fháil.
Amhail ar maidin, tá an íocaíocht seo á fáil ag 11,680 duine faoi láthair.
Agus síneadh an SBB á fhógairt aici go dtí an 30 Meitheamh 2022, dúirt an tAire Humphreys:
“Tacaíocht ríthábhachtach a bhí i Sochar Breoiteachta Breisithe don oiread sin oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe i rith na Paindéime seo. Tá daoine féinfhostaithe i dteideal, agus bhí siad ó thús na scéime, do Shochar Breoiteachta Covid.
“Léiríonn an chaoi gur thacaíomar le breis agus 374,500 duine go soiléir tábhacht na scéime seo.
“Bhí deireadh le cur níos déanaí an mhí seo leis an ráta íocaíochta reatha €350 sa tseachtain.
“Ach mar gheall go bhfuil Covid-19 á scaipeadh go fóill inár bpobail, creidim gur tábhachtach go gcuirimid síneadh leis an íocaíocht go dtí deireadh mhí an Mheithimh. Tá áthas orm go bhfuair mé cead ón Rialtas na hathruithe seo a dhéanamh inniu.
“Mholfainn do dhuine ar bith a dtagann Covid-19 orthu nó a bhfuil comharthaí orthu féinaonrú láithreach.
“Cuirfear SBB ar fáil duit agus is é an bealach is fusa chun iarratas a dhéanamh trí MyWelfare.ie.”
Críoch.
Le Sochar Breoiteachta Breisithe a fháil, ag brath ar do chúinsí, glacfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí leis an méid seo a leanas: