Gheobhaidh íospartaigh an fhoréigin baile pá iomlán mar chuid de bhearta nua saoire foréigean baile
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige., Roderic O’Gorman, inniu go bhfaighidh íospartaigh an fhoréigin baile a bpá iomlán más gá dóibh saoire foréigean baile a ghlacadh.
Tabharfar saoire foréigean baile isteach go foirmiúil san fhómhar nuair a fhoilseofar rialacháin ina leagfar amach an ráta pá agus treoir d’fhostóirí, atá á bhforbairt faoi láthair ag Women’s Aid. Tugadh an cineál nua saoire isteach mar chuid den Acht um Cothromaíocht Oibre is Saoil, a ritheadh níos luaithe i mbliana.
Agus é ag labhairt inniu dúirt an tAire Donnelly:
‘Tugann saoire foréigean baile deis d’íospartach foréigin baile rochtain a fháil ar thacaíocht gan cur isteach ar a bhfostaíocht agus ar a n-ioncam. Tá sé tábhachtach gur féidir leo saoire a ghlacadh gan a bheith buartha faoi ioncam a chailleadh nó a bheith i mbaol níos mó. Má chinntítear gur féidir leo a bpá iomlán a fháil, rachaidh sé go mór chun cabhrú leis seo.’
Thángthas ar an gcinneadh ar an ráta pá tar éis dul i gcomhairle le hionadaithe fostóirí, ceardchumainn agus eagraíochtaí tacaíochta foréigean baile. Cuireadh an ceanglas dul i gcomhairle le heagraíochtaí tacaíochta foréigean baile maidir leis an ráta pá leis an reachtaíocht ag Céim na Tuarascála ón Aire O’Gorman chun a chinntiú go n-oibreodh na daoine is dlúithe le híospartaigh an fhoréigin baile deis a gcuid tuairimí a chur leis an bpróiseas.
Lean an tAire O’Gorman ar aghaidh ag rá:
‘Tógadh an cinneadh ar an ráta pá tar éis dul i gcomhairle le raon comhlachtaí, agus tá a dtuairimí le feiceáil sa chinneadh seo. Cuirfear aon saincheisteanna a ardófar sna comhairliúcháin maidir leis an tsaoire san áireamh san athbhreithniú ar na forálacha.'
Cuireann Alt 7 den Acht um Cothromaíocht Oibre is Saoil agus Fhorálacha Ilghnéitheacha 2023 Alt 13AA nua isteach san Acht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 (arna leasú) chun foráil a dhéanamh do chúig lá saoire íoctha foréigean baile.
Ceanglaítear leis an alt 13AA(6) nua ar an Aire rialacháin a dhéanamh a leagann amach an ráta pá saoire foréigean baile. Ag teacht le halt nua 13AA(7), chuaigh an tAire i gcomhairle le hionadaithe fostóirí, ceardchumainn agus eagraíochtaí tacaíochta foréigean baile.
Foilseofar rialacháin chun éifeacht a thabhairt don ráta pá san fhómhar agus cuirfear tús le halt 7 ansin.
Tá an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige coimisiúnaithe ag Women’s Aid chun tacaí a fhorbairt d’fhostóirí chun a bpolasaithe féin maidir le foréigean baile a fhorbairt san ionad oibre agus foilseofar iad seo ag an am céanna a gcuirtear tús leis an tsaoire.