Fógraíonn an tAire Humphreys íocaíocht dhúbailte Sochar Linbh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, go n-íocfar dhá íocaíocht Sochar Linbh an tseachtain seo chun tacú le 638,000 teaghlach a bhfuil an costas maireachtála orthu.
Mar thoradh ar an mbeart, íocfar €280 i leith 1.2 milliún leanbh ar fud an Stáit.
Is é an dara ceann de 8 n-íocaíocht chnapshuime, mar chuid de phacáiste €1.2 billiún, a ceapadh chun tacú le teaghlaigh agus le daoine leochaileacha i rith mhíonna an gheimhridh.
Gheofar an íocaíocht dhúbailte Sochair Linbh i gcuntais bhainc na dteaghlach ón lá atá inniu ann, ar chostas €170 milliún san iomlán.
D’fhógair an tAire Humphreys sonraí na híocaíochta dúbailte Sochair Linbh le linn cuairte ar Ionad Pobail agus Óige Bhaile Uí Ruáin i Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath Theas.
Ag labhairt le linn na cuairte, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfaighidh 638,000 teaghlach íocaíocht dhúbailte den Sochar Linbh an tseachtain seo chun tacú leo leis an gcostas maireachtála."
“Ciallaíonn sé seo go n-íocfar €280 i leith 1.2 milliún leanbh ar fud an Stáit."
“Is tacaíocht ioncaim ríthábhachtach é Sochar Linbh a shroicheann na céadta míle teaghlach atá ag obair go dian."
“Mar Aire, tuigim go mór na deacrachtaí atá ag teaghlaigh anois maidir lena mbillí a íoc."
“Tá an íocaíocht dhúbailte seo ar cheann d’ocht n-íocaíocht chnapshuime a d’urraigh mé mar chuid den Bhuiséad chun cabhrú le teaghlaigh le linn na tréimhse thar a bheith dúshlánach seo.”
Dúirt an tAire Humphreys freisin:
“Glacfar an íocaíocht dhúbailte sochair linbh i gcuntais bhainc daoine ag tosú ón lá atá inniu ann.".
“Leanann sé Íocaíocht Dúbailte an Fhómhair an mhí seo caite, a thacaigh le 1.4 milliún pinsinéir, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh atá ag obair.
“Agus le linn na seachtainí amach romhainn, beidh mé ag fógairt na sonraí maidir le híocaíochtaí cnapshuime breise chun tacú le daoine lena mbillí teaghlaigh."
“Áireofar orthu sin an íocaíocht liúntas breosla cnapshuime €400, an íocaíocht €200 do dhaoine atá ina gcónaí ina n-aonar, an íocaíocht €500 do chúramóirí, an tacaíocht €500 do dhaoine faoi mhíchumas agus an íocaíocht €500 dóibh siúd atá ag fáil na hÍocaíochta do Theaghlaigh i bhFostaíocht."
“Ina dhiaidh sin íocfar Bónas na Nollag i mí na Nollag."
“Is éard atá i gceist leis an bpacáiste seo d’íocaíochtaí cnapshuime €1.2 billiún ná cabhrú le teaghlaigh agus leis na daoine is leochailí mar gheall ar na costais mhéadaitheacha atá os a gcomhair le linn thréimhse an gheimhridh.”
Íocaíocht mhíosúil €140 do gach leanbh is ea Sochar Linbh. Tá an íocaíocht do mhí na Samhna á dhúbailt go €280 do gach leanbh.
Íoctar é le teaghlaigh a bhfuil leanaí acu i leith gach linbh cháilithe suas go dtí 16 bliana d’aois.
Leanfar den íocaíocht a íoc i leith leanaí go dtí a 18ú breithlá má tá siad in oideachas lánaimseartha nó má tá siad faoi mhíchumas.
Tá an íocaíocht dhúbailte Sochar Linbh mar chuid de 8 n-íocaíocht chnapshuime ar fiú €1.2 billiún san iomlán iad chun cuidiú leis an gcostas maireachtála.
Fógraíodh na híocaíochtaí cnapshuime mar chuid de Bhuiséad Cosanta Sóisialta na míosa seo caite.
Faighteoirí | Contae an tSochair Linbh |
An Clár | 15,817 |
Corcaigh | 70,822 |
An Cabhán | 10,607 |
Ceatharlach | 8,333 |
Dún na nGall | 20,497 |
Baile Átha Cliath | 170,191 |
Gaillimh | 32,758 |
Cill Dara | 33,830 |
Cill Chainnigh | 12,800 |
Ciarraí | 18,336 |
An Longfort | 5,782 |
Lú | 18,480 |
Luimneach | 24,847 |
Liatroim | 4,287 |
Laois | 12,279 |
An Mhí | 30,958 |
Muineachán | 8,238 |
Maigh Eo | 15,901 |
Uíbh Fhailí | 10,432 |
Ros Comáin | 8,411 |
Sligeach | 8,102 |
Tiobraid Árann | 20,911 |
Port Láirge | 15,583 |
An Iarmhí | 12,582 |
Cill Mhantáin | 20,386 |
Loch Garman | 20,858 |