Fógraíonn an tAire Sláinte glao ar Bhall Guth Poiblí den Choiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá áthas ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly, TD, a fhógairt go bhfuil léirithe spéise á lorg anois le haghaidh ballraíochta den Choiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC) i ról ionadaí Guth Poiblí.
Déanann an Coiste neamhspleách seo moltaí don Aire maidir le cláir scagthástála daonra-bhunaithe nua nó athruithe ar chláir atá againn cheana féin in Éirinn.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá ríméad orm an glao ar léirithe spéise do bhallraíocht san NSAC mar bhall den Ghuth Poiblí a fhógairt. Tá an Coiste agus mé féin tiomanta do leathnú sábháilte scagthástáil daonra-bhunaithe in Éirinn, ar aon dul leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr. Tá sé an-tábhachtach mar sin go mbeadh baint iomlán ag an bpobal le ceapadh beartais sa réimse seo. Mar bhall den Ghuth Poiblí den Choiste, beidh deis ag an duine a roghnófar don ról seo cur le díospóireachtaí agus cinntí an Choiste agus é/í ag déanamh ionadaíochta ar an bpobal agus a chinntiú go ndéantar machnamh orthu i ngach cinneadh a dhéantar.
“Má tá suim agat sa phost seo, molaim go láidir duit iarratas a dhéanamh. Tá guth an phobail chomh tábhachtach d’fhorbairt an bheartais scagthástála atá uilechuimsitheach agus a bhreithníonn na torthaí is fearr is féidir do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn."
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an tOllamh Niall O'Higgins:
“Tugann fianaise áititheach ó gach cearn den domhan le fios gur féidir le scagthástáil sláinte galair a chosc, rátaí leigheas a fheabhsú, breoiteacht thromchúiseach a laghdú agus bás anaibí, agus caighdeán maireachtála níos fearr a chothú. Tá guth an phobail ríthábhachtach d’fhorbairt na scagthástála. Le go n-éireoidh leis teastaíonn níos mó ná tacaíocht phoiblí agus dea-thoil ón gclár scagthástála. Bainfear an luach is mó amach nuair a bheidh an pobal gafa go hiomlán agus go gníomhach lena fhorbairt agus lena chur i bhfeidhm.
“Sheolamar ár gcéad Ghlao Bliantúil ar aighneachtaí le déanaí do chláir scagthástála nua daonra-bhunaithe agus athruithe ar chláir atá ann cheana agus is féidir le duine ar bith a mholadh a chur isteach. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin nGlao Bliantúil a fháil ag [external-link https://www.gov.ie/en/publication/4a997-annual-call-for-submissions/?referrer=http://www.gov.ie/screeningcall/ | gov.ie/screeningcall ].
"In éineacht leis an léiriú spéise don dara ball de Ghuth an Phobail leagtar amach tiomantas an NSAC go mbeadh an pobal páirteach sa phróiseas chun beartas náisiúnta a fhorbairt ar scagthástáil dhaonra-bhunaithe."
Tá an post á fhógairt faoi láthair ar StateBoards leis an dáta deiridh d’iarratais an 14 Eanáir 2022. Tugtar spreagadh d'iarratasóirí ionchasacha an leabhrán faisnéise a léamh go cúramach sula gcuirtear iarratas isteach.
CRÍOCH
Cé hiad an NSAC
Is coiste comhairleach neamhspleách é an Coiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC) a thugann comhairle don Aire agus don Roinn Sláinte ar gach togra nua do chláir agus athbhreithnithe scagthástála daonra-bhunaithe ar chláir atá ann cheana. Téigh chuig gov.ie/NSAC le haghaidh tuilleadh faisnéise. Tá Tuarascáil Bhliantúil NSAC 2020 ar fáil ar an láithreán gréasáin freisin.
Sheol NSAC a chéad Ghlao Bliantúil ar aighneachtaí le déanaí do chláir scagthástála nua daonra-bhunaithe agus athruithe ar chláir atá ann cheana agus is féidir le duine ar bith a mholadh a chur isteach. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin nGlao Bliantúil a fháil ag gov.ie/screeningcall .
Réimsí saineolais reatha ar an gCoiste