Tugann an tAire Humphreys agus an tAire McEntee cuairt ar shaoráid fáiltithe ag aerfort Bhaile Átha Cliath do dhaoine atá ag teacht ón Úcráin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, agus an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee TD, cuairt ar an tsaoráid fáiltithe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ar maidin áit ar bhuail siad le daoine a tháinig ón Úcráin faoin Treoir Shealadach um Chosaint.
Bhuail na hAirí freisin le baill foirne óna Ranna agus ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige atá ag soláthar tacaíochta agus cúnaimh do na daoine seo ón Úcráin agus iad á mbunú féin in Éirinn.
Tar éis a gcuairte, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá oifigigh ón Roinn Coimirce Sóisialaí ag obair lena gcomhghleacaithe sa Roinn Dlí agus Cirt agus le hateangairí ag an tsaoráid in Aerfort Bhaile Átha Cliath chun iarratais ar thacaíochtaí do dhaoine ag teacht ón Úcráin a phróiseáil chomh tapa agus is féidir.
“Táimid ag cinntiú freisin gur féidir le daoine Liúntas Leasa Forlíontach agus Sochar Linbh a fháil go tapa agus go gcuirtear i dteagmháil iad le baill foirne ó líonra na nIonad Intreo.
“Bhí an-áthas orm, in éineacht leis an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee, cuairt a thabhairt ar Aerfort Bhaile Átha Cliath, chun ionad fáiltithe nua a oscailt go foirmiúil do na teaghlaigh agus na daoine aonair a thagann ón Úcráin.
“Bhuail mé le bean amháin, Valentina Roman, a theith chun éalú ón gcogadh. Tá sí ar dhuine d'iliomad daoine atá ag brath ar ár dtír, agus ar ár ndaoine, chun na seirbhísí agus na cosaintí a theastaíonn uathu a sholáthar dóibh.
“Feidhmeoidh an t-ionad seo, le foireann oifigeach ón Roinn Coimirce Sóisialaí, Dlí agus Cirt agus Leanaí, mar ionad ilfhreastail do dhaoine nuair a thagann siad chuig an aerfort.
“Tá a fhios agam go dtacóidh muintir na hÉireann leis na daoine ón Úcráin cur fúthu inár dtír agus cuirfidh siad an cúnamh riachtanach ar fáil dóibh ionas gur féidir leo a saol a atógáil inár dtír.”
Dúirt an tAire McEntee:
“Ó thús an chogaidh uafásaigh seo, shocraigh muintir na hÉireann go seasfaidh siad le muintir na hÚcráine in am a ngátair.
“Ón tús, bhíomar sa Rialtas soiléir freisin go bhfuil gá le freagairt chomhordaithe uile-Rialtais chun tacú le daoine atá ag teitheadh ón ionsaí uafásach agus brúidiúil seo ar stát ceannasach agus ionsaí díreach ar luachanna daonlathacha na hEorpa.
“Le tacaíocht ó DAA, a chuir an foirgneamh seo ar fáil don Rialtas gan aon chostas, sin go díreach atá muid ag déanamh.
“Ciallaíonn na litreacha inimirce a gheobhaidh daoine nuair a shroicheann siad an tsaoráid seo go bhfaighidh siad stádas Cosanta Sealadach go dlíthiúil - go mbeidh siad i dteideal dul i mbun oibre, agus go mbeidh rochtain acu ar oideachas, cúram sláinte, tithíocht, leas sóisialach, agus gach a bhfuil le tairiscint ag ár dtír”
CRÍOCH