Comhairle Sláinte Poiblí an Gheimhridh ón bPríomhoifigeach Leighis
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'áitigh an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Breda Smyth, ar an bpobal fanacht folláin trí bheith ullamh don gheimhreadh agus ardú tagtha ar ionfhabhtuithe COVID-19 i measc an phobail.
Deimhníodh 405 cás COVID-19 in ospidéil ar maidin, méadú 23% ó 329 cás an tseachtain seo caite an 28 Meán Fómhair agus 74% ó 233 cás an 14 Meán Fómhair. Chonaiceamar 60 ospidéalú nua COVID-19 in aghaidh an lae ar an meán a breathnaíodh le seacht lá anuas. Níor glacadh gach cás COVID-19 isteach san ospidéal mar gheall ar a n-ionfhabhtú, ach cuireann gach othar deimhneach breise COVID leis an mbrú ar an gcóras ospidéil agus muid ag dul isteach i dtréimhse an-ghnóthach.
Amhail an 27 Meán Fómhair, bhí thart ar 70% de na cásanna a cuireadh san ospidéal maidir le COVID-19 65 bliana d'aois agus níos sine, agus díobh sin, ní raibh a bpríomhchúrsa vacsaíne COVID-19 críochnaithe ag níos mó ná duine as gach ceathrar agus ní raibh aon teanndáileog vacsaíne faighte ag thart ar dhá dhuine as gach cúigear go fóill.
Insíonn na sonraí eolaíocha dúinn go dtéann éifeachtacht na vacsaíní COVID-19 i léig le himeacht ama. Tá sé tábhachtach coinneáil ar an eolas faoi sceideal do vacsaíní agus a chinntiú go bhfaighidh tú teanndáileog a luaithe a bheidh tú incháilithe.
Tá FSS tar éis tús a chur le teanndáileoga de vacsaín COVID-19 agus vacsaín fliú a riar. Is deis iontach é seo breis a chur leis an gcosaint a thugann vacsaíní COVID-19 agus cosaint a fháil ón víreas fliú ag an am céanna. Tá vacsaíní fliú agus COVID-19 ar fáil ó dhochtúirí teaghlaigh rannpháirteacha agus ó Chógaslanna rannpháirteacha agus is féidir iad a thabhairt ag an am céanna. Mura bhfuair tú príomhdháileog den vacsaín COVID-19 fós, is féidir leat socrú a dhéanamh é sin a dhéanamh agus do vacsaín fliú a fháil freisin.
Má tá aon siomptóim COVID-19 ort, tá sé tábhachtach féin-aonrú go dtí 48 uair an chloig tar éis do na siomptóim a bheith imithe go substaintiúil nó go hiomlán. Ná freastal ar aon imeachtaí sóisialta, obair, scoil nó coláiste má tá siomptóim ort, le do thoil.
Cuir do chéad choinne teanndáileoige in áirithe ar www.hse.ie má tá tú 12 bhliain d'aois nó níos sine.
Tá daoine idir 50 agus 64 bliana d'aois, mná torracha (ó 16 seachtaine), oibrithe cúram sláinte, daoine 12 bliain d'aois nó níos sine le riocht a chuireann i mbaol mór breoiteachta iad ó COVID 19 (mar shampla, diaibéiteas nó galar croí) incháilithe anois clárú don dara teanndáileog COVID -19.
Tá daoine 65 bliana d'aois nó níos sine agus daoine 12 bhliain d'aois nó níos sine a bhfuil córas imdhíonachta lag acu i dteideal clárú anois dá dtríú teanndáileog.
Níl sé ró-dhéanach an phríomhdháileog den vacsaín COVID-19 a fháil. Is iad na vacsaíní an bealach is éifeachtaí chun muid féin a chosaint ar na héifeachtaí is measa de COVID-19.
Cuir do chéad choinne teanndáileoige in áirithe ar www.hse.ie má tá tú 12 bhliain d'aois nó níos sine.
Tá daoine 50 bliain d'aois, mná torracha (ó 16 seachtaine), oibrithe cúram sláinte, daoine 12 bliain d'aois nó níos sine le riocht a chuireann i mbaol mór breoiteachta iad ó COVID 19 nó a bhfuil córas imdhíonachta lag acu incháilithe anois clárú don dara teanndáileog COVID-19.
Níl sé ró-dhéanach an phríomhdháileog den vacsaín COVID-19 a fháil. Is iad na vacsaíní an bealach is éifeachtaí chun muid féin a chosaint ar na héifeachtaí is measa de COVID-19.
Tá an vacsaín fliú ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag iompar clainne, d'aon duine atá 65 bliana d'aois agus níos sine agus dóibh siúd a bhfuil riocht sláinte fadtéarmach orthu agus d'oibrithe cúram sláinte.
Ón 17 Deireadh Fómhair, beidh vacsaín sprae sróine don fhliú ar fáil do leanaí freisin, a bheidh saor in aisce do gach leanbh idir 2 agus 17 mbliana d'aois ó dhochtúirí teaghlaigh agus ó chógaslanna.
Maidir le leanaí idir 5 agus 11 bliana d'aois, nach raibh vacsaín COVID-19 acu agus dóibh siúd a bhfuil córas imdhíonachta lag acu agus atá dlite teanndáileog a fhéil, tá coinní ar fáil ag ionaid vacsaínithe FSS trí choinne a dhéanamh ar www.hse.ie.