Rialacha nua ar thaisteal idirnáisiúnta ón 1 Feabhra 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ón 1 Feabhra 2022, tiocfaidh rialacha nua maidir le taisteal go hÉirinn i bhfeidhm.
Mar chuid de na hathruithe seo, ní ghlacfar le teastais vacsaíne Covid don bhunsraith vacsaíne le haghaidh taistil má tá níos mó ná 270 lá (thart ar 9 mí) caite ón dáileog deiridh sa bhunsraith vacsaíne. Níl teorainn ama ar theastais vacsaíne bunaithe ar theanndáileog/dáileoga breise.
Caithfidh paisinéirí gan chruthúnas vacsaínithe mar atá thuas, nó cruthúnas téarnaimh ó COVID-19 sna 6 mhí roimhe sin, fianaise a thaispeáint ar thoradh tástála PCR diúltach ('neamhbhraite') a tógadh 72 uair an chloig roimh dóibh teacht go hÉirinn.
Ón 1ú Feabhra is féidir le paisinéirí taisteal go hÉirinn le cruthúnas glactha vacsaínithe le haghaidh Novavax (Nuvaxovid), a cheadaigh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) le déanaí.
Is féidir Teastas Digiteach COVID an AE a úsáid mar fhianaise le haghaidh taistil maidir le vacsaíniú COVID-19, vacsaíniú teanndáileoige, téarnamh ó COVID-19, nó cruthúnas ar thástáil dhiúltach COVID-19. Faigh amach conas do Theastas Digiteach COVID a fháil anseo gov.ie/dcc
Sula dtéann tú ag taisteal féach le do thoil ar gov.ie/travel agus riachtanais chinn scríbe an AE ar reopen.europa.eu/en.