Pléann na hAirí Sláinte úsáid alcóil agus drugaí lena gcomhghleacaithe ón mBreatain
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhreastail Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Drugaí, ar Chruinniú Mullaigh Chomhairle na Breataine-na hÉireann inniu. Thosaigh an cruinniú mullaigh i mBaile Átha Cliath inné.
Agus iad ag labhairt lena gcomhghleacaithe ó Shasana, ó Albain, ón mBreatain Bheag, ó Gheansaí, ó Oileán Mhanann agus ó Gheirsí, phléigh an bheirt Airí mí-úsáid substaintí, alcól agus bearta a bhfuil mar aidhm leo feabhas a chur ar na torthaí sláinte do dhaoine a úsáideann drugaí, go háirithe iad sin atá i mbaol an bháis de dheasca ródháileoige.
Le linn an chruinnithe mullaigh, táthar ag díriú go príomha ar na tionscnaimh shláinte agus shóisialta atá ar siúl i Lárchathair Thoir Thuaidh Bhaile Átha Cliath chun mí-úsáid substaintí a chomhrac.
Dúirt an tAire Harris:
“Tá roinnt beart tábhachtach á ndéanamh ag Éirinn i réimse na mí-úsáide substaintí.”
“Tháinig srianta ar fhógraíocht alcóil i bhfeidhm le déanaí tríd an mBille Sláinte Poiblí (Alcól). An bhliain seo chugainn, tabharfaimid beartas nua atá faoi stiúir ag an tsláinte isteach do dhaoine a bhfuarthas drugaí ina seilbh.”
“Tá cuid mhór oibre le déanamh againn go fóill, áfach. Cúis áthais ar leith dom ba ea an cruinniú a bhí agam le Joe FitzPatrick, an tAire um Shláinte Phoiblí, Spórt agus Folláine in Albain, chun íosphraghsáil aonaid a phlé. Is réimse é sin ar mhaith liom dul chun cinn a fheiceáil ann faoi deireadh na bliana. Tugtar le fios san anailís a d’fhoilsigh Albain le déanaí gur thit díolacháin alcóil chuig an leibhéal is ísle riamh ó tosaíodh ar chuntais a choinneáil sa chéad bhliain ina raibh íosphraghsáil i bhfeidhm sa tír.”
“Bhí deis ag na hAirí freisin úsáid drugaí agus an stiogma a mhothaíonn daoine a bhfuil andúil acu i ndrugaí a phlé. Is i gcéim dhinimiciúil ar leith atá fadhb drugaí na hEorpa faoi láthair. Tá daoine ag úsáid raon níos leithne substaintí anois ná ag am ar bith riamh agus níl aon chuid den tír seo slán ón dúshlán a ghabhann leis sin.”
“Chomhaontaíomar gur gá dúinn cur chuige duinelárnach atá faoi stiúir ag an tsláinte a ghlacadh i leith andúile agus ár seacht ndícheall a dhéanamh deireadh a chur leis na bacainní atá roimh a lán daoine a bhfuil andúil acu. Cé gur coiteann atá na dúshláin atá romhainn, is coiteann freisin atá an toil agus an tiomantas atá againn.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Díríodh ag an gcruinniú idir na hAirí Sláinte inniu ar thionscnamh na Lárchathrach Thoir Thuaidh, ar freagairt atá faoi stiúir ag an Rialtas é do staid géarchéime ina raibh pobal i mbaol ó ghníomhaíocht choiriúil a bhaineann le drugaí. Le linn dul i ngleic leis an bhfadhb thromchúiseach sin sa Lárchathair Thoir Thuaidh, bhí sé soiléir go raibh gá práinneach ann le freagairt ar bhealach comhtháite do na riachtanais sláinte atá ag daoine a úsáideann drugaí.”
“Chabhraigh an Straitéis Náisiúnta Drugaí uainn leis an bhfreagairt sin a mhúnlú, áit a ndírítear ar bhearta a fhorbairt sa limistéar áitiúil chun tacú agus cur le seirbhísí cúram sláinte agus cúraim shóisialta d’úsáideoirí drugaí, a bhfuil riachtanais chasta eile ag a lán díobh, agus leas á bhaint as cur chuige duinelárnach.”
“Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus seirbhísí pobail áitiúil agus seirbhísí deonacha faoi chuid mhór oibre le tacaíocht ón Roinn Sláinte, agus iad go léir ag obair i gcomhpháirt lena chéile chun samhail nua cúram sláinte a fhorbairt atá dírithe go daingean ar chuimsiú.”
“Ceann de na torthaí atá ar an obair sin is ea an Mol Sláinte um Chuimsiú, a osclaíodh i gCnoc an tSamhraidh. Agus é ar an gcéad mhol den sórt sin riamh in Éirinn, glacann sé cur chuige an-nuálach i leith torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach sa phobal do dhaoine a úsáideann drugaí, do dhaoine gan dídean agus do ghrúpaí soghonta eile.”
Ba de bhun Chomhaontú Aoine an Chéasta a bunaíodh Comhairle na Breataine-na hÉireann, áit a dtagann na cinn stáit ó Éirinn, ó Thuaisceart Éireann, ó Shasana, ó Albain, ón mBreatain Bheag, ó Gheansaí, ó Oileán Mhanann agus ó Gheirsí le chéile chun tuilleadh cur chun cinn a dhéanamh ar chaidreamh dearfach praiticiúil i measc na n-oileán agus fóram a chruthú le haghaidh comhairliúcháin agus comhair.
CRÍOCH