Seolann an tAire O’Gorman Deontas Forbartha um Fheighlíocht Leanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Leaní, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD, inniu gur osclaíodh Deontas Forbartha um Fheighlíocht Leanaí 2022.
Le buiséad iomlán de €250,000, cuireann an Deontas Forbartha um Fheighlíocht Leanaí suas le €1,000 ar fáil chun cuidiú le feighlithe leanaí atá ag cur seirbhís feighlíochta leanaí ar fáil ina dtithe féin.
Tá sé mar aidhm ag an Deontas tacú le feabhsú cáilíochta agus sábháilteachta sa tseirbhís trí earraí beaga caipitil, trealaimh, bréagáin nó mionchostais oiriúnaithe a cheannach. Féadfaidh sé cúnamh airgeadais a thabhairt freisin d’fheighlithe leanaí nua nó ionchasacha lena gcostais tosaithe tosaigh.
Agus fógra an lae inniu á thabhairt aige, dúirt an tAire O’Gorman:
“I mí Aibreáin 2021, d’fhoilsigh mé an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí 2021-2028, plean uaillmhianach a leagann amach conair incriminteach tacaíochta chun feighlithe leanaí a thabhairt isteach laistigh de raon feidhme na dtacaíochtaí agus na rialacháin atá maoinithe ag an Stát. Déanann an plean foráil d’oiliúint shaincheaptha, do rialacháin agus do thacaíochtaí a luathóidh rochtain ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí do níos mó feighlithe leanaí. Soláthróidh rochtain ar an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí an deis d’fheighlithe leanaí tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí agus do theaghlaigh leis na táillí agus leanfaidh sé ag tacú le luathfhoghlaim agus cúram leanaí ardchaighdeáin inacmhainne i suíomh bailebhunaithe.
“Tá fíoráthas orm Deontas Forbartha um Fheighlíocht Leanaí 2022 a fhógairt d’fheighlithe leanaí, a chuireann seirbhís ríthábhachtach ar fáil do leanaí agus do theaghlaigh. Cuidíonn an Deontas seo le feighlithe leanaí athruithe beaga a dhéanamh a bhféadfadh buntáistí farisinge a bheith ag baint leo. Le linn shaolré an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí, cuirfidh mé raon tacaíochtaí breise ar fáil d’fheighlithe leanaí, ag tosú le deiseanna oiliúna saincheaptha a bheidh ar fáil d’fheighlithe leanaí go luath i 2023”.
Le tuilleadh eolais a fháil faoin Deontas Forbartha um Fheighlíocht Leanaí nó faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí, tabhair cuairt ar www.gov.ie/childminding nó déan teagmháil le do Choiste Cúram Leanaí Cathrach nó Contae áitiúil.
CRÍOCH.