Cheap an Rialtas ceathrar ball nua i gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide agus rinne sé an chéad sraith rialachán aeráide a fhormheas
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cheap an Rialtas ceathrar ball nua ar an gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide. Leis an Acht um Ghníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021, leathnaítear raon feidhme na ngníomhaíochtaí le haghaidh na comhairle agus cuirtear ballraíocht mhéadaithe ar fáil. Is iad seo a leanas an ceathrar ball a ceapadh:
an Dr Cara Augustenborg
Is Comhalta Beartais Comhshaoil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, í an Dr Cara Augustenborg, agus dochtúireacht aici in eolaíocht an chomhshaoil agus san Innealtóireacht ó Ollscoil California, Los Angeles (UCLA). Bhain sí Scoláireacht Fulbright agus Comhaltacht Walsh araon amach chun a cuid taighde dochtúireachta a dhéanamh in Teagasc san athchúrsáil nítrigine le haghaidh bainistíochta dramhaíola beostoic ó 2003 go 2007. Ó shin, bhí róil éagsúla aici sa saol acadúil, sa Rialtas agus in earnáil na heagraíochta neamhrialtasacha comhshaoil, agus í ina Cathaoirleach de 'Friends of the Earth Ireland' agus 'Friends of the Earth Europe' go dtí 2019. Is Comhalta Oinigh í ar Chomhairle Stáit an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUigínn agus is láithreoir í ar an gclár raidió comhshaoil – ‘Down to Earth with Cara Augustenborg’ – a bhíonn ar Newstalk.
an Dr Morgan D Bazilian
Tá sé ina stiúrthóir ar Institiúid Payne agus ina ollamh le beartas poiblí ag 'Colorado School of Mines' an Dr Morgan D Bazilian. Tá dhá chéim mháistreachta agus PhD aige i réimsí a bhaineann le córais fuinnimh agus margaí fuinnimh. Roimhe seo, bhí sé ina speisialtóir ceannais ag an mBanc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha. Tá níos mó ná scór bliain taithí aige in earnáil an fhuinnimh agus breathnaítear air mar phríomhshaineolaí i gcúrsaí idirnáisiúnta, i mbeartas, agus saninfheistíocht. Is comhalta é de Chomhairle Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le Caidreamh Coigríche, de Chomhairle Chomhairleach Domhanda an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda maidir le Fuinneamh, agus de Chomhairle Chomhairleach Domhanda an Chláir Mhaoinithe Inbhuanaithe in Ollscoil Oxford.
Sinéad O’Brien
Is Comhordaitheoir Gréasáin í Sinéad O’Brien ag 'Sustainable Water Network' (SWAN). Is éard atá i gceist le SWAN ná comhghuaillíocht de 24 ghrúpa comhshaoil atá ag obair ar chosaint agus ar bhainistiú inbhuanaithe an uisce agus na mbogach, agus ar chur chun feidhme an Chreat-treoir Uisce (WFD), Chreat-treoir na Straitéise Muirí (MSFD) agus Threoir na dTuilte in Éirinn. Tá BSc i zó-eolaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh ag Iníon O’Brien.
Jillian Mahon
Is stiúrthóir feidhmiúcháin oilte í Jillian Mahon a bhfuil taithí fhadréimseach aici ar a bheith ar bhoird agus coistí agus taithí i leith rialachais chorparáidigh ar fud na n-earnálacha príobháideacha, poiblí agus institiúidí idirnáisiúnta airgeadais aici. Tá saineolas leathan aici sa bhainistíocht ghinearálta aici i ngach gné de thionscal na margaí airgeadais - in earnálacha príobháideacha, poiblí, institiúideacha agus idirnáisiúnta, a thagann go maith le saothar tionscadail atá déanta aici do phríomhghníomhaireachtaí Eorpacha.
Ina theannta sin, tá taithí ar leith aici sa bheartas poiblí maidir le maoiniú creidmheasa a chur chun feidhme agus i gCorparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann a bhunú. Oibríonn Iníon Mahon mar chomhairleoir le Maoiniú Malartach agus Inbhuanaithe agus mar chomhairleoir le 'Sustainability Works' faoi láthair. Tá taithí aici roimhe seo i réimsí ar nós réimse na baincéireachta tráchtála, réimse an mhaoinithe inbhuanaithe Eorpaigh agus náisiúnta.
Agus é ag plé na gceapachán, dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, an méid seo a leanas:
"Is cuid ríthábhachtach don aistriú chuig sochaí ísealcharbóin é comhairle chruinn agus thráthúil a chur ar fáil. Ní mór don Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide raon feidhme scileanna agus taithí leathan agus éagsúil a bheith aici chun comhairle a chur ar an Rialtas maidir le buiséid charbóin agus dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide."
I dteannta cheapachán chomhaltaí na Comhairle Comhairlí um Athrú Aeráide thuasluaite rinne an Rialtas an chéad dá sraith de rialacháin dá bhforáiltear san Acht a fhormheas. Sa rialachán seo tagraítear do threoirlínte Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus do rialacháin an Aontais Eorpaigh lena rialaítear an chuntasaíocht charbóin. Leis an rialachán seo rialaítear cé na gáis cheaptha teasa atá le cur i mbuiséid carbóin agus foilseofar go luath é.
CRÍOCH
I gCuid 8 den Acht um Gníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin 2015 bunaíodh an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide ar bhonn reachtúil an 18 Eanáir 2016.
Cuirtear an méid seo a leanas san áireamh leis na ceapacháin: