Cuireann an tAire Donnelly fáilte roimh roll amach an Íocaíocht Speisialta Aitheantais Phaindéime d’Oibrithe Cúraim Sláinte Tosaigh na hEarnála Poiblí.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu an fhorbairt atá déanta chun cinneadh an rialtais a chur i bhfeidhm maidir le hÍocaíocht Aitheantais COVID a sholáthar do sheirbhísí phoiblí cúraim sláinte agus oibrithe otharchairr, mar gheall ar a n-iarrachtaí i rith na Paindéime COVID.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Cuirim fáilte roimhe na hiarrachtaí suntasacha déanta chun íocaíocht an bhirt seo a chur chun cinn. Tá sé seo mar thoradh d’obair fhairsing a rinne oifigí i mo Roinn féin agus ón FSS, chomh maith le comhairliúcháin idir an FSS, an Roinn Sláinte agus Ceardchumainn an Chúraim Sláinte. Cuireadh na ciorcláin riachtanacha chun an íocaíocht a chur i bhfeidhm i gcrích agus foilseoidh an FSS iad go luath an tseachtain seo chugainn.
“Déanfar an íocaíocht d’iad atá deimhnithe mar incháilithe chomh luath agus is féidir, tríd an chéad phárolla eile ar fáil, ag brath ar phróisis áitiúla.
"Tugadh an beart seo isteach mar chomhartha buíochais agus ómós uaim, ó mo chomhghleacaithe sa Rialtas agus ó mhuintir na hÉireann as ucht na n-iarrachtaí leanúnacha a dhéanann ár n-oibrithe cúraim sláinte tosaigh san earnáil phoiblí chun gach duine a chosaint ó dhrochthionchar COVID-19. Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun fíorbhuíochas a ghabháil le gach duine páirteach – ár n-oibrithe cúraim sláinte tosaigh san earnáil phoiblí san áireamh agus na ceardchumainn a dhéanann ionadaíocht dóibh – dá foighne agus rannpháirtíocht fhairsing fad is a bhí an beart aonuaire tábhachtach seo curtha chun cinn.
“Cuimseofar socruithe i gcéim níos faide den íocaíocht seo d’íocaíocht don fhoireann incháilithe nach bhfuil fostaithe ag an FSS/gníomhaireachtaí na Rannóige (mar shampla: Tithe Altranais na hEarnála Príobháidí/Ospís) fógrófar sonraí níos faide den chéim seo in am trátha.”
CRÍOCH
Achoimre Cáilitheacha
1. Gheobhaidh fostaithe le huaireanta ar conradh ar cothrom le nó níos mó ná 60% CL dá ghrád €1,000.
2. Gheobhaidh fostaithe le huaireanta ar conradh níos lú ná 60% dá ghrád €600.
Samplaí d’oibrithe cúraim sláinte i raon feidhme
Ag brath ar an gcáilitheacht thuasluaite, samplaí ginearálta de na hoibrithe cúram sláinte a bhainfear leas as an mbeart seo ná:
Neamh-FSS / Neamh Rannóg 38
Seachas sin, foilseoidh an Roinn Sláinte níos mó eolas go luath do na fostaithe eile atá clúdaithe le Cinneadh an Rialtas agus an próiseas ar fáil dá fostóirí chun an beart seo a chur i bhfeidhm dá fhoireann incháilithe. Clúdóidh an t-eolas seo: