An tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers TD ar chamchuairt ar Thuaisceart Dhún na nGall
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tabharfaidh an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers camchuairt ar cheantar Tuaisceart Dhún na nGall inniu, an 18ú Samhain.
Le linn na cuairte, tabharfaidh sé cuairt ar Choláiste Ros Goill, sna Dúnaibh agus fógróidh an tAire Stáit go bhfuil Plean Teanga Tuaisceart Dhún na nGall á sheoladh go hoifigiúil faoin bpróiseas pleanála teanga. Is é Céim Aniar CTR an cheanneagraíocht pleanála teanga atá freagrach as ullmhú agus feidhmiú an phlean don Limistéar.
Anuas ar sin, fógróidh an tAire Stáit go bhfuil Plean Teanga An Ghaeltacht Láir á cheadú aige faoin bpróiseas pleanála teanga. Is é Gleann Fhinne Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta (GFCFTR) an ceanneagraíocht pleanála teanga atá freagrach as ullmhú agus feidhmiú an phlean don Limistéar.
Cuirfear buiséad bliantúil suas le €100,000 an ceann ar fáil don dá cheanneagraíocht thar shaolré 7 mbliana an phlean agus cead Oifigeach Pleanála Teanga amháin a fhostú.
Dúirt an tAire Stáit Chambers;
“Is údar áthais dom an dul chun cinn atá bainte amach go dtí seo i leith an próiseas pleanála teanga. Is céim mór chun cinn é ceadú plean teanga An Ghaeltacht Láir, an 25ú plean faoin próiseas. Tá aitheantas ag dul don cheanneagraíocht “Gleann Fhinne Cuideachta faoi theorainn Ráthaíochta (GFCFTR)” a réitigh plean teanga An Ghaeltacht Láir. Tréasláim le Póilín Uí Ghallachóir, an tOifigeach Pleanála Teanga nua-cheaptha i gceantar Tuaisceart Dhún na nGall agus guím gach rath uirthi agus í i mbun feidhmiú plean teanga Tuaisceart Dhún na nGall atá seolta go hoifigiúil agam inniu.”
Mar a bhaineann le hEalaín na Gaeltachta, ar chuairt chuig an Gteic i nGaoth Dobhair, fógróidh an tAire Stáit deontas suas le €150,000 d’Ealaín na Gaeltachta chun clár píolótach drámaíochta a fhorbairt don óige sa Ghaeltacht. Cumasóidh an deontas seo a mhairfidh ar feadh tréimhse bliana;
Cuireann an maoiniú sonrach seo leis an allúntas trí bliana €1.275m a ceadaíodh don eagraíocht in 2019 chun clár ar leas na n-ealaíon teangabhunaithe sa Ghaeltacht a fheidhmiú mar thaca don phróiseas pleanála teanga agus an polasaí don oideachas Gaeltachta araon. Faoin gclár sin cuirtear deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga ar fáil d'aos óg na Gaeltachta.
Ag fógairt an deontais dúirt an tAire Chambers:
Tá an-áthas orm an clár píolótach seo a fhógairt inniu - clár a thabharfaidh ardán breise don drámaíocht Ghaeilge mar a bhaineann sé le haos óg na Gaeltachta. Le linn na paindéime, bhog go leor seirbhísí chuig cur chuige cumaiscthe de sheirbhísí pearsanta agus ar líne do dhaoine óga. Cuideoidh an maoiniú seo leis an mbonneagar seo a neartú agus a fhorbairt, ag cinntiú gur féidir drámaíocht d’ardchaighdeán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Tá na healaíona tábhachtach chomh maith chun tacú le folláine mheabhrach ár n-aos óg agus is údar áthais domsa go dtacóidh an ciste seo le gníomhaíochtaí a chuirfeadh le caighdeán na beatha agus folláine dhearfach d’aos óg na Gaeltachta.
Ina theannta sin tabharfaidh an tAire Stáit Chambers cuairt ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair chomh maith, áit a bhfaighidh sé blas den obair atá ar siúl ag an Acadamh i nGaeltacht Dhún na nGall. D’fhógair an tAire Stáit ciste trí bliana ar fiú suas le €3m é le gairid chun cur ar chumas Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge leanúint le raon cúrsaí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil sna trí ionad Gaeltachta - i nGaoth Dobhair, i gCarna agus ar an gCeathrú Rua.