Fógartha ag Airí Rialtais go bhfuiltear chun Cúnamh um COVID-19 a chur ar fáil do Neipeal
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien TD agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney TD, ag obair le chéile i gcomhar le roinnt Ranna Rialtais, FSS agus gníomhaireachtaí stáit chun cúnamh a thabhairt do Neipeal mar fhreagairt ar an ráig COVID-19 atá ag dul in olcas sa tír sin.
Beidh tabhartas mór ag fágáil Aerfort na Sionainne inniu, ag dul chun Neipeal, agus 72 Dlúthaitheoir Ocsaigine, 42 Aerálaí, 12 Meaisín Bipap, 400 Ocsaiméadar, 50 Monatóir Riospráide, 50 Dífhibrileoir, 100 Teirmiméadar, 1,126 Aer-Rilatán, 99,750 Culaith Cosanta, 201,600 Aghaidhsciath agus 1,008,000 masc máinliachta ar bord.
Rinne an FSS, Respicare, Ospidéal Bons Secours, Corcaigh, Cumann Neipeal Éireann, Bartra Healthcare, Crois Dhearg na hÉireann, Air Liquide Healthcare, Home Health Care agus Siúracha Naomh Seosamh as Cluny an trealamh a dheonú.
Tá an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála (cuid den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta) ag comhordú seachadadh an trealaimh seo tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, ag obair i gcomhar leis an Roinn Sláinte, an FSS, Cúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Iompair, agus na Coimisinéirí Ioncaim, gan ach cúpla a lua. Tá an tacaíocht seo ó Éirinn mar chuid den iarracht chomhordaithe ag Ballstáit an AE atá ar bun faoi láthair chun freagra comhoibritheach a thabhairt tar éis iarratas a fháil ó Neipeal ar chúnamh.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD:
“Tá áthas orm go bhfuil Éire in ann freagra a thabhairt ar iarratas Neipeal ó bhallstáit an AE ar chúnamh. Tacóidh an trealamh seo le hoibrithe cúram sláinte túslíne i Neipeal cúram a thabhairt d’othair a bhfuil an cúram sin ag teastáil uathu. Táim buíoch dóibh siúd go léir a d’oibrigh le chéile chun an deontas tarrthála seo a chur i gcrích."
Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney TD;
“Tá an tacaíocht seo mar chuid d’iarracht chomhordaithe déanta ag Ballstáit an AE chun ár n-acmhainní a chomhthiomsú ionas gur féidir linn freagairt go tapa ar an staid cúrsaí uafásach atá ann faoi láthair i Neipeal. Tá sé tábhachtach go seasfaimid gualainn ar ghualainn le muintir Neipeal in am an éigin. Tá an clár de chuid Cúnamh Éireann, arna bhainistiú i mo Roinn féin, ag tacú le costais an dheonaithe. Is cuid é seo de ranníocaíocht €100 milliún ó Chúnamh Éireann leis an bhfreagairt dhomhanda ar shláinte an phobail don phaindéim i mbliana. "
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD;
“Tá áthas orm go bhfuil mo Roinn ag cabhrú leis an seachadadh seo de threalamh ríthábhachtach go Neipeal a chomhordú - déanfar difríocht mhór do mhuintir Neipeal chun troid i gcoinne Covid-19 mar gheall ar an gcúnamh seo. Tá fadhb dhomhanda romhainn agus beidh iarracht dhomhanda ag teastáil uainn chun í a shárú. Mar náisiún, táimid ag soláthar tacaíochta agus dlúthpháirtíochta dóibh siúd ar fud na cruinne is mó a dtéann an paindéim i gcion orthu, agus ba cheart dúinn go léir a bheith bródúil as sin."
Dúirt Janez Lenarčič, an Coimisinéir Eorpach um Bainistíocht Géarchéime:
“Tá níos mó daoine ag fáil bháis gach nóiméad mar gheall ar an mborradh COVID-19 i Neipeal de réir mar a leathnaíonn sé amach ar fud na tíre. Seasaimid gualainn ar ghualainn, go huile is go hiomlán, le muintir Neipeal agus iad ag troid i gcoinne na paindéime.
“Bliain ó shin, leag an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí pleananna amach le haghaidh freagra spriocdhírithe AE chun tacú le hiarrachtaí thíortha comhpháirtíochta dul i ngleic leis an bpaindéim Coróínvíris, trí acmhainní ón AE, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais na hEorpa, a chur le chéile mar aon, mar ‘Fhoireann na hEorpa’. Tá Foireann na hEorpa tiomanta don troid dhomhanda i gcoinne na paindéime agus a tionchair ar shláinte, shóisialta, eacnamaíoch, dhaonnúil, shlándáil agus pholaitiúil. Leis an gcur chuige seo, tá ceannaireacht, freagracht agus dlúthpháirtíocht léírithe ag an AE leo siúd is mó atá buailte ag an bpaindéim.
“Faoin 1 Eanáir 2021, bhí tacaíocht tugtha ag Foireann na hEorpa do thíortha comhpháirtíochta ar fud an domhain, agus breis is €26 billiún, 65% den phacáiste freagartha foriomlán, gurb ionann é anois agus os cionn €40 billiún, agus níos mó ná an €20 billiún a bhí geallta ar dtús."