Preasráiteas – Faiche Stiabhna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is Séadchomhartha Náisiúnta agus Páirc Stairiúil é Faiche Stiabhna a bhfuil gean ag muintir Bhaile Átha Ciath agus muintir na hÉireann air.
Tá gnéithe tábhachtacha ann – ceann díobh is ea an Seastán Banna Victeoireach. Is mian linn go mbainfeadh cuairteoirí pléisiúr as an bhFaiche ach ní foláir do OPW gnéithe tábhachtacha stairiúla a chosaint ar loitiméireacht agus mí-iompar. Chun an seastán banna stairiúil a chosaint ar a thuilleadh díobhála, cinneadh go gcuirfí claíocha timpeall ar an struchtúr.
Tá suil againn go leanfaidh cuairteoirí leo ag baint taitneamh as an bhFaiche um deireadh seachtaine. Impíonn OPW ar an bpobal meas a thaispeáint ar an láthair oidhreachta tábhachtach seo agus ar a ghnéithe stairiúla, meas a thaispeáint ar an bhfoireann agus ar chuairteoirí eile, bruscar a bhreith abhaile leo agus iad féin a iompar go cuí istigh sa Pháirc.
Tá OPW i dteagmháil leis An Garda Síochána maidir le póilíneacht i bhFaiche Stiabhna agus freagrófar ar imeachtaí ar bith a éiríonn.