Molann an tAire Sláinte do dhaoine cosaint sa bhreis a fháil le vacsaíní fliú agus COVID-19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD ag moladh do dhaoine a gcosaint ón bhfliú agus ó COVID-19 a neartú trí vacsaíní a fháil.
Bhí sé ag labhairt fad is a fuair sé a vacsaín fliú ag cógaslann pobail agus mhol an tAire dóibh siúd atá incháilithe coinní a dhéanamh le DG nó cógaiseoir.
San áireamh sa chlár vacsaínithe séasúrach don fhliú, tá vacsaín fliú sróine ar fáil do leanaí atá idir 2 agus 12 bhliain d'aois agus tá vacsaín in-insteallta ann do ghrúpaí incháilithe eile. Tá vacsaín mar sprae sróine ar fáil do leanaí idir 13 agus 17 mbliana d'aois.
Tá daoine 50 bliana d'aois agus os a chionn, chomh maith le daoine i gcatagóirí eile agus iad siúd atá imdhíon-lagaithe, i dteideal teanndáileog COVID-19 saor in aisce a fháil. Is féidir an dá vacsaín a thabhairt ag an am céanna.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá an-áthas orm leis an nglacadh dearfach den chlár vacsaínithe don fhliú agus COVID-19 go dtí seo, agus tá an-áthas orm go bhfuil cosaint sa bhreis faighte agam sula sroicheann séasúr an víris riospráide a bhuaicphointe.
"Tugann vacsaíní cosaint dúinn, agus dóibh siúd mórthimpeall orainn, ach go háirithe dóibh siúd atá leochaileach. I dteannta le bearta simplí ar nós lámha a ní, casacht nó sraothartach a dhéanamh isteach i d'uillinn agus fanacht sa bhaile le tinneas, laghdaíonn siad an baol atá ann de bhreoiteacht dáiríre agus cabhraíonn siad an t-ualach atá ar ár seirbhísí sláinte a laghdú. Mar sin, déan coinne inniu chun do vacsaíní a fháil le do thoil.
"Molaim do thuismitheoirí chomh maith smaoineamh a dhéanamh faoin vacsaín fliú sróine dá leanaí, ach ba mhaith liom é a mheabhrú d'oibrí cúram sláinte go bhfuil vacsaíní fliú agus COVID-19 ar fáil i suíomhanna cúram sláinte agus ag clinicí siúil isteach vacsaínithe ar fud na tíre."
Tá breis eolais ar fáil maidir leis na vacsaíní COVID-19 agus fliú anseo.
Tá clinicí siúil isteach vacsaínithe ag soláthar vacsaíní COVID-19 agus fliú saor in aisce d'oibrí cúram sláinte. Tá sonraí ar fáil anseo maidir le suíomhanna náisiúnta.
Tá an 'vacsaín fliú ar fáil saor in aisce do:
Tá teanndáileoga COVID-19 ar fáil do:
Is féidir le páistí a chaill amach ar an 'vacsaín fliú ar scoil' í a fháil fós trí dhochtúirí teaghlaigh agus cógaslanna.