Failtionn-an-taire-odonovan-roimh-dhul-chun-cinn-ar-thionscadail-um-fhaoiseamh-tuile-i-mbeanntrai-agus-i-mbaile-gallda-co-chorcai
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fógraíodh le déanaí go bhfuil comhairleoirí innealtóireachta á lorg chun an Scéim um Fhaoiseamh Tuile i mBeanntraí a dhearadh. Dúirt an tAire O’Donovan:
“Tá áthas orm go bhfuil conradh fógartha chun an Scéim um Fhaoiseamh Tuile i mBeanntraí a dhearadh. Thug mé cuaird ar Bheanntraí anuraidh agus chonaic mé ar an láthair an díobháil ó thuile nuair a tharla báisteach fíorthrom. Chas mé ar dhaoine sa cheantar agus thug mé cuaird ar áitribh a thángthas aniar aduaidh orthu toisc gur tharla an tuile chomh tapa sin; tuigim don imní ar dhaoine ansin maidir le hócáidí fíór-dhrochaimsire. Tabharfaidh an scéim seo, a mheastar a chosnóidh thart faoi €7m, cosaint ar 198 réadmhaoin ar chríochnú dó; níl amhras orm ach go bhfáiltíonn an pobal roimh an chéim thábhachtach seo”.
Inniu, cheadaigh an tAire O’Donovan cistiú €295,000 chuig Comhairle Contae Chorcaí, faoin Scéim Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta, le haghaidh oibreacha um fhaoiseamh tuile ag Baile Gallda i gContae Chorcaí. Cuimsíonn an obair seo stáisiún caidéalúcháin uisce stoirme, píobáin nua draenála agus oibreacha eile a ghabhann leo sin sa tsráidbhaile i mBaile Gallda.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Chuir mé an Chomhairle ar an eolas inniu maidir leis na hoibreacha seo i mBaile Gallda a thabharfaidh cosaint ar bhreis agus 20 réadmhaoin sa tsráidbhaile. Níl amhras orm ach go mbeidh áthas ar phobal Bhaile Gallda go rachaidh an obair seo ar aghaidh anois agus go dtabharfar cosaint atá de dhíth go géar”.
“Tá caidreamh comhoibritheach idir an Oifig agamsa agus Comhairle Contae Chorcaí le fada an lá; táimid geallta um scéimeanna faoisimh tuile sa chontae a chur chun cinn chomh tapa agus is féidir agus táimid ag súil le dul chun cinn leanúnach ar na scéimeanna go léir i gContae Chorcaí”.
-CRÍOCH-
I gcomhpháirtíocht le OPW, tá fógra tugtha ag Comhairle Contae Chorcaí ag lorg comhairleoirí innealtóireachta chun Scéim Bheanntraí um Fhaoiseamh Tuile a dhearadh. Fógraíodh sonraí an chonartha ar www.etenders.gov.ie ar 11 Márta 2021 agus ní mór tairiscintí a chur isteach roimh 7 Meitheamh 2021. Breathnófar agus forbrófar réimse oibreacha inmharthana um fhaoiseamh tuile nuair a bheidh comhairleoireacht innealtóireachta ceaptha le haghaidh na scéime seo.
Um breis eolais déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland