Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin 9 Feabhra 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 5,677 cás de COVID-19 arna ndeimhniú ag PCR.
Ina theannta sin, ar an Máirt 8 Feabhra, chláraigh 5,578* duine tástáil antaigine dearfach trí thairseach FSS.
Fógraíodh 6,291 bás san iomlán bainteach le COVID-19 in Éirinn. Áirítear leis seo 63 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).
Amhail 8rn inniu, tá 627 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 68 acusan in Aonad Dianchúraim.
I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh an HPSC agus comhpháirtithe faireachais ar aghaidh ag tabhairt fógra agus ag próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR le linn na tréimhse seo.