Fógraíonn an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, T.D., gur ceadaíodh €4 milliún chun an liosta feithimh Síceolaíochta Cúraim Phríomhúil a laghdú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, T.D., inniu gur ceadaíodh a mhéid le €4 milliún chun an líon leanaí agus daoine óga faoi 18 mbliana d’aois atá ag feitheamh níos faide ná 12 mhí chun teacht ar Shíceolaíocht Chúraim Phríomhúil a laghdú.
Cumasóidh an cistiú seo bearta agus tionscnaimh a chur i bhfeidhm in Eagraíochtaí Cúraim Sláinte Pobail (ECSPanna) chun tionscnaimh gearrthéarmach a sholáthar agus na liostaí feithimh seo a laghdú i rith na coda eile den bhliain seo.
Dúirt an tAire Butler:
“Ó bronnadh an Oifig orm anuraidh, bhí mé an-fheasach go deo ar agus an-bhuartha faoi na liostaí feithimh atá ann ar Shíceolaíocht Chúraim Phríomhúil, go háirithe do leanaí agus daoine óga. Daoine óga faoi 18 mbliana iad formhór na ndaoine atá ar an liosta feithimh iomlán agus bhí feitheamh de bhreis ar 12 mhí ar 5,298 leanbh agus duine óga amhail Márta 2021 chun an chéad choinne a fháil.”
Dúirt an tAire Butler freisin:
“Bhí mé ag oibriú le cúpla mí anuas leis an Roinn Sláinte agus Cúram Príomhúil FSS a chuir grúpa oibre tiomnaithe ar bun chun tograí a fhorbairt chun dul i ngleic leis an tsaincheist leanúnach seo. Tá gliondar croí orm go bhfuil an chéim ríthábhachtach seo curtha dínn anois lena chinntiú go gcuirtear an cistiú seo ar fáil do thionscnaimh liosta feithimh i bpobail fud fad na tíre. Tá mar chuspóir aige seo teacht níos tapúla agus níos éasca ar thacaíocht shíceolaíoch a chumasú i measc leanaí agus teaghlach nuair a theastaíonn sé uathu.”
Dúirt an tAire Butler freisin:
“Is gá seirbhís Síceolaíochta Cúraim Phríomhúil inbhuanaithe a fhorbairt san fhadtéarma trí chistiú ilbhliantúil a sholáthar agus trí fhoireann bhuan bhreise a earcú. Beidh mé ag oibriú go dlúth le mo chomhghleacaithe sa Rialtas ar thogra den chineál sin mar chuid de Mheastacháin Bhuiséid 2022.”
CRÍOCH