Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Déardaoin 01 Aibreán 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (IFCS) inniu gur bhásaigh 18 duine breise i gcúiseanna a raibh baint acu le COVID-19.
As na básanna a tuairiscíodh inniu, tharla 11 díobh i mí an Mharta agus tharla 7 gcinn i mí Feabhra.
Is í 81 bliain an aois airmheánach díobh siúd a fuar bás agus 59 – 95 an aoisraon a bhí ann.
Go dtí seo tá 4,705 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn i gcúiseanna a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Céadaoin, 31 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas maidir le 761 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 236,600* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Amhail 8am inniu, tá 274 othar COVID-19 san ospidéal as a bhfuil 63 san aonad dianchúraim. Tugadh 18 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail 29 Márta 2021, riaradh 819,676 dáileog den vacsaín COVID-19 in Éirinn:
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar COVID-19 Dashboard maidir le príomhtháscairí COVID-19 i measc an phobail, lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
DEIREADH
**Ba chóir a chur san áireamh gur sonraí sealadacha iad na sonraí atá ann do gach contae mar is córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus déantar sonraí maidir le cásanna a bhailíochtú agus a nuashonrú i gcónaí.
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meánoíche 31 Márta 2021) | Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 31Már2021) | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh 100,000 daonra (18Már2021 go dtí 31Már2021) | Cásanna nua le 14 lá anuas (18Már2021 to 31Már2021) |
Éire | 761 | 536 | 164.9 | 7,851 |
Uíbh Fhailí | 38 | 24 | 509.2 | 397 |
Dún na nGall | 14 | 24 | 281.4 | 448 |
Baile Átha Cliath | 372 | 223 | 247.6 | 3,336 |
An Iarmhí | 21 | 19 | 236.6 | 210 |
An Mhí | 55 | 30 | 222 | 433 |
Cill Dara | 40 | 34 | 220.2 | 490 |
Laois | 16 | 15 | 210.2 | 178 |
Longfort | 5 | 4 | 203.1 | 83 |
Tiobraid Árann | 16 | 16 | 163.6 | 261 |
Lú | 27 | 16 | 162.2 | 209 |
An Cabhán | 11 | 12 | 160.2 | 122 |
Loch Garman | 11 | 14 | 149.6 | 224 |
Ros Comáin | <5 | 3 | 113.1 | 73 |
Luimneach | 28 | 18 | 105.7 | 206 |
Gaillimh | 20 | 16 | 104.6 | 270 |
Port Láirge | 7 | 4 | 103.3 | 120 |
Wicklow | 0 | 9 | 101.8 | 145 |
Maigh Eo | 15 | 10 | 85.8 | 112 |
Ceatharlach | <5 | 3 | 77.3 | 44 |
Liatroim | <5 | 2 | 68.7 | 22 |
Muineachán | 6 | 5 | 60.3 | 37 |
An Clár | <5 | 6 | 55.5 | 66 |
Corcaigh | 43 | 22 | 48.4 | 263 |
Sligeach | <5 | 0 | 42.7 | 28 |
Cill Chainnigh | 0 | 1 | 38.3 | 38 |
Ciarraí | <5 | 3 | 24.4 | 36 |
~ Cuireann an meán gluaisteach 5-lá de líon na gcásanna nua, táscaire cuí ar fáil de líon na gcásanna reatha laistigh de chontae ar bhonn laethúil. Cuireann sé san áireamh aon bhailíochtú a dhéantar ar chásanna sna laethanta roimhe sin agus baineann sé an luaineacht as líon na gcásanna a bhíonn ann go laethúil/ag an deireadh seachtaine.