Fógraíonn an tAire O’Gorman Deontas Caipitil €10m d'Earnáil Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• €10m á fhógairt faoin scéim Bloicíní Tógála: Deontas Feabhsúcháin
• Tá an Deontas Feabhsúcháin - Bloicíní Tógála mar chuid de Chlár níos leithne ar Dheontas Caipitil Bloicíní Tógála d'Earnáil Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus Seirbhísí Cúraim Leanaí ar Aois Scoile faoin bPlean Forbartha Náisiúnta
• Is féidir le Seirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus Seirbhísí Cúraim Leanaí ar Aois Scoile na luathfhoghlama agus atá conradh acu leis an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí agus nó leis an gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (agus ar a laghad páiste cláraithe faoi scéim) iarratas a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo teagmháil a dhéanamh le Bunmhaoiniú sula gcuirfear maoiniú ar fáil.
D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’ Gorman, Deontas Caipitil €10m d'Earnáil na Luathfhoghlama agus Cúraim na Leanaí inniu. Is cuid de Chlár Caipitil na mBlocíní Tógála don Luathfhoghlaim agus do Chúram na Leanaí faoin bPlean Forbartha Náisiúnta é an clár Bloicíní Thógála: Deontas Feabhsúcháin.
Beidh deontais ar luach €35,000 go dtí €75,000 ar fáil thar dhá shnáithe ar leith: an Fuinneamh Glas agus Iarfheistiú.
Tacóidh an Snáithe um Fhuinneamh Glas/Snáithe A leis an gClár Oibre um Ghníomhú ar son na hAeráide agus le Clár an Rialtais, a bhfuil sé mar aidhm acu an t-aistriú go dtí an geilleagar carbóin-neodrach a bhaint amach faoi dheireadh na bliana 2050 agus laghdú 51% a dhéanamh ar mhéid na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa faoin mbliain 2030.
Faoi réir an tsnáithe Fuinneamh Glas, cuirfear deontais ar fáil le haghaidh iarfheistithe chun éifeachtúlacht an fhuinnimh a mhéadú, agus leas a bhaint as foinsí in-athnuaite, nuair is féidir, mar shuiteáil na bpainéal ghréine agus na dteaschaidéal, an t-insliú agus bearta caomhnú an uisce.
Cuirfidh an snáithe Iarfheistithe/Sraithe B deontais ar fáil do sheirbhísí reatha a bhfuil gá le huasghrádú orthu. I measc na n-oibreacha incháilithe, tá oibreacha agus athchóiriú na cistine, uasghrádú ar áiseanna na sláintíochta do leanaí agus do dhaoine fásta, deisiú/atógáil na ndíonta, agus uasghrádú na n-urlár.
Glacfar le hiarratais ó sheirbhísí incháilithe i R4 na bliana 2022 agus cuirfear iarratasóirí rathúla ar an eolas go luath sa bhliain 2023.
Is féidir le Seirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus Seirbhísí Cúraim Leanaí ar Aois Scoile na luathfhoghlama agus atá conradh acu leis an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí agus nó leis an gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (agus ar a laghad páiste cláraithe faoi scéim) iarratas a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo teagmháil a dhéanamh le Bunmhaoiniú sula gcuirfear maoiniú ar fáil.
Agus fáilte á cur aige roimh an bhfógra, dúirt an tAire O’Gorman:
“Cuirfidh Bloicíní Tógála: Deontas Feabhsúcháin maoiniú suas le €75,000 ar fáil chun suímh luathfhoghlama agus chúram na leanaí a uasghrádú, a athchóiriú nó a atógáil chun feabhas a chur ar chaighdeán timpeallacht na foghlama do leanaí chomh maith le barr fheabhais a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh na n-ionad.
"Is cuid é seo de Chlár Caipitil na mBloicíní Tógála (níos leithne) atá deartha chun freastal ar riachtanais reatha agus fadtéarmacha bhonneagar na luathfhoghlama agus cúram na leanaí – agus fógrófar fear an mioneolas faoi scéim Bloicíní Tógála - Deontas Acmhainne ar luach €45m agus faoi scéim Bloicíní Tógála - Deontas Nuálaíochta ar luach €15m sna míonna atá le teacht.
"Tá na seirbhísí siúd atá cláraithe don Scéim Bunmhaoinithe nua €221m i dteideal iarratas a dhéanamh le haghaidh maoinithe faoin gClár Caipitil na mBloicíní Tógála.
"Chomh maith leis an tacaíocht shuntasach a bheidh ann don earnáil féin, ón mBunmhaoiniú seo tá sé ar intinn agam go mbeidh sé níos éasca do sholáthraithe sheirbhísí luathfhoghlama agus chúram na leanaí, a oibríonn leis an Stát ar leas an phobail, fáil a bheith acu ar phacáiste na dtacaíochtaí agus na n-acmhainní.
"Is é Clár Caipitil na Bloicíní Tógála ceann amháin de réimse na dtacaíochtaí breise a bheidh ar fáil”.
CRÍOCH
Tá Bloicíní Tógála: Deontas Feabhsúcháin roinnte ina dhá shraith, an Fuinneamh Glas agus Iarfheistiú.
Leagtar amach thíos an saghas oibre a cháilíonn faoin tSraith Fuinneamh Ghas:
• Oibreacha atá dírithe ar astaíochtaí a laghdú agus éifeachtúlacht (rátáil BER/RFF) an fhuinnimh a mhéadú. Feabhas a chur ar chreatlach agus ar éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh atá ann cheana.
• Úsáid a bhaint as foinsí in-athnuaite nuair is féidir agus as bearta a fheabhsaíonn cúrsaí aerála.
• Painéil Ghréine a shuiteáil. An costas maidir le cead pleanála a fháil, má bhaineann sé leis na painéil ghréine amháin.
• Caidéil teasa (m.sh. caidéil foinse aeir, talaimh nó uisce), criosú na gcóras téimh.
• Caomhnú uisce (m.sh. trealamh éifeachtúil an uisce, córas bailiú báistí, córas uisce liath).
• Gineadóirí teasa éifeachtacha.
• Insliú na n-áiléar, na mballaí (inmheánacha nó seachtracha), na n-urlár, na ndíonta; líneáil thirim.
• Insliú na bpíopaí.
• Bailitheoirí Teirmeacha Gréine/Bailitheoirí Uisce Te Gréine (d’fhéadfadh go mbeadh gá le sorcóir uisce te níos mó a shuiteáil – iad siúd nach bhfuil cead pleanála ag teastáil).
• Uasghrádú ar Choire.
• Pointí luchtaithe na bhfeithiclí leictreacha don fhoireann.
I measc na n-oibreacha incháilithe faoin Snáithe Iarfheistithe/Sraithe B, tá uasghrádú ar chórais leictreacha, pluiméireachta, gáis agus téimh lena chinntiú go gcloíonn siad leis na rialacháin agus leis na caighdeáin ábhartha. D’fhéadfadh na costais a mbaineann le suiteáil, athsholáthar agus uasghrádú na n-achar atá mar chuid lárnach fhoirgneamh a cháiliú m.sh.:
• Oibreacha agus athchóiriú ar chistin
• Uasghrádú ar áiseanna na sláintíochta do leanaí agus do dhaoine fásta
• Deisiú díonta nó athdhíon
• Insliú na ndíonta, na mballaí (inmheánach nó seachtrach), na n-urlár, na n-áiléar
• Athchur na bhfuinneoga
• Deisiúchán/athsholáthar na nDoirse Seachtracha/Inmheánacha
• Uasghrádú na n-urlár
• Rampaí cathaoireacha rothaí statacha
• Staighrí
• Doirse uathoibríocha
• Ardaitheoir a shuiteáil
• Sreangú leictreach
• Lasca leictreacha
• Clár dáileacháin leictreachais
• Daingneáin
Glacfar le hiarratais ó sheirbhísí incháilithe i R4 agus cuirfear na hiarratasóirí rathúla ar an eolas go luath sa bhliain 2023. Tá gach seirbhís atá cláraithe le Croímhaoiniú incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Is féidir le gach seirbhís agus atá conradh i bhfeidhm sa bhliain 2022/2023 leis an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí agus nó leis an gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (agus ar a laghad páiste cláraithe faoi scéim) iarratas a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo teagmháil a dhéanamh le Bunmhaoiniú sula gcuirfear maoiniú ar fáil.
Beidh luach idir €35,000 agus €75,000 ar na deontais.