Cruinniú den Choiste Comh-Aireachta ar an Úcráin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Coiste Comh-Aireachta maidir leis an Úcráin casta ar a chéile inniu chun plé a dhéanamh ar an mbrú atá ar chóiríocht agus ar sheirbhísí atá á gcur ar fáil do na daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin.
Ní fhacthas riamh cheana ó bunaíodh an Stát an líon daoine atá ag lorg Cosaint Shealadach in Éirinn mar thoradh ar an gcogadh uafásach san Úcráin.
Ní fhaca Éire riamh an méid sin daoine ag teacht chun na tíre i dtréimhse chomh gearr sin agus tá na mílte ag fáil cúnaimh. Tháinig níos mó ná 54,000 duine ón Úcráin chun na hÉireann ag lorg cosanta mar thoradh ar an gcogadh. Is ionann sin agus beagnach 1.2% de dhaonra na hÉireann, rud atá chomh maith céanna le tíortha eile Eorpacha agus lena léirítear go bhfuil Éire ag seasamh leis an Úcráin agus leis an gcuid eile den Eoraip chun dul i ngleic leis an ngéarchéim.
Tá an Stát anois ag freastal ar níos mó ná 58,000 duine (42,000 duine as an Úcráin, 16,000 faoi Chosaint Idirnáisiúnta). Cuirtear an figiúr sin i gcomparáid le 7,250 duine an t-am seo anuraidh.
Mar gheall air sin fuarthas freagra comhchoiteann a bhí eisceachtúil ar bhonn náisiúnta agus go háitiúil araon agus bhí pobail agus daoine aonair ag obair chun tabhairt faoi na dúshláin phleanála, lóistíochtúla agus oibríochta a bhain leis an méid daoine atá ag teacht isteach agus chomh tapa agus atá siad ag teacht isteach.
Mar gheall ar an ardú neamhghnách atá tagtha go háirithe ar an líon daoine a tháinig isteach le coicís anuas, tá cúrsaí níos measa anois go háirithe maidir le cóiríocht a chur ar fáil do na daoine atá ag lorg cosanta.
Bhreithnigh an Coiste Comh-Aireachta tograí inniu maidir le beartas agus saincheisteanna soláthair seirbhíse a bhí á n-ullmhú bunaithe ar shonraí agus múnlú.
Tuigeann an rialtas go maith na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá air maidir leis na daoine sin atá ag lorg cosanta sa ghearrthréimhse, sa mheántréimhse agus san fhadtréimhse. Mar sin féin, tá sé soiléir don rialtas i bhfianaise tuilleadh daoine atá le teacht chun na tíre, go bhfuil mórdhúshláin acmhainne amach rompu. Tá sé soiléir agus muid fós tiomanta do na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá orainn agus muid ag seasamh leis na daoine atá ag teitheadh ón gcogadh, ní mór dúinn a bheith oscailte faoi na dúshláin atá ann faoi láthair maidir leis na daoine sin a bhféadfadh sé a bheith ar intinn acu taisteal go hÉirinn sna míonna amach romhainn.
Sa chomhthéacs sin, d’aontaigh an Coiste Comh-Aireachta go raibh roinnt beart de dhíth chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Déanfaidh an Rialtas na cinntí ar shonraí na mbeart a mheas agus a aontú sna laethanta amach romhainn.