Plean Teanga d’Inis, Co. an Chláir á sheoladh ag an Aire Stáit Chambers le linn a chamchuairte ann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tabharfaidh an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers T.D. camchuairt ar Inis, Co. an Chláir inniu - Dé hAoine an 24 Meán Fómhair 2021.
Le linn don Aire Stáit a bheith in Inis, Co. an Chláir, seolfaidh sé plean teanga an bhaile go hoifigiúil faoin bpróiseas pleanála teanga. Is é An Clár as Gaeilge Teo a d’ullmhaigh an plean teanga agus is iad a bheidh freagrach as feidhmiú an phlean le cabhair leanúnach ó Fhoras na Gaeilge. Is buiséad bliantúil suas le €80,000 a chuirfear ar fáil thar thréimhse seacht mbliana chun cabhrú leo an plean i leith Líonra Gaeilge Inse a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh sé cuairt chomh maith ar Ghaelscoil Mhichíl Cíosóg agus ar Ghaelcholáiste an Chláir, áit a gcasfaidh sé le baill foirne agus le daltaí na scoileanna sin.
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Is údar áthais dom Plean Teanga Inse a sheoladh anseo in Inis inniu. Is ócáid shuntasach í seo mar a bhaineann sé le cur chun cinn na Gaeilge sa bhaile. Tá obair mhór déanta agus idir lámha go háitiúil ar leas na Gaeilge in Inis agus tá moladh ag dul don eagraíocht An Clár as Gaeilge Teo agus do gach duine a bhí bainteach leis an bplean teanga a chur le chéile do bhaile Inse. De thoradh na hoibre atá déanta ag a leithéid agus ag páirtithe leasmhara, ar nós Gaelscoil Uí Chíosóig agus Gaelcholáiste an Chláir - gan trácht ar eagraíochtaí agus ar fhorais eile anuas tríd na blianta, tá bonn láidir ag an nGaeilge ina teanga bhisiúil bheo ar an mbaile. Cuirfear leis an obair mhaith sin le feidhmiú an phlean teanga atá á sheoladh inniu faoin bpróiseas pleanála teanga.”