Fáiltíonn na hAirí Ryan agus Smyth roimh an gceadú ón gComh-Aireacht don Sainordú Earnála Poiblí um Ghníomhú ar Son na hAeráide
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus Ossian Smyth, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Cumarsáid agus as an nGeilleagar Ciorclach, fáilte inniu roimh an gceadú ón gComh-Aireacht don Sainordú Earnála Poiblí um Ghníomhú ar Son na hAeráide 2023, rud trína nglacfaidh an earnáil phoiblí ról lárnach maidir le cabhrú le spriocanna aeráide na tíre a bhaint amach.
Leagtar amach sa Sainordú raon gníomhartha a dhéanfaidh an earnáil phoiblí, lena n-áirítear iad seo a leanas:
Tá feidhm ag an Sainordú maidir le gach comhlacht earnála poiblí a chumhdaítear le spriocanna dícharbónaithe an Phlean Gnímh don Aeráid, seachas údaráis áitiúla, comhlachtaí tráchtála leathstáit agus scoileanna. Forbróidh na comhlachtaí sin a bpleananna agus a straitéisí féin um ghníomhú ar son na haeráide agus beidh orthu an Plean Gnímh don Aeráid agus na treoirlínte maidir leis an nGeilleagar Ciorclach a chomhlíonadh freisin.
Imríonn an earnáil phoiblí ról tábhachtach ceannaireachta maidir le gníomhú uaillmhianach ar son na haeráide a spreagadh agus a chur chun cinn ar fud na n-earnálacha tógála, iompair, dramhaíola agus fuinnimh. Ina theannta sin, mar mhórcheannaitheoir earraí agus seirbhísí, tá sé tábhachtach cleachtais soláthair ghlais a chur chun cinn ar mhaithe le línte táirgí níos inbhuanaithe agus slabhraí soláthair níos inbhuanaithe a dhreasú.
Cuireadh tús le cuid mhór den obair sin cheana féin. Léirítear sa Tuarascáil Bhliantúil 2022 ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) maidir le Feidhmíocht Fuinnimh na hEarnála Poiblí go bhfuil comhlachtaí earnála poiblí 31.5% níos éifeachtúla ar fhuinneamh anois ná mar a bhí sa bhliain 2009, agus suim €2.2 billiún á coigilt acu. Cé go léirítear sa tuarascáil (atá ar fáil ar shuíomh gréasáin SEAI ) gur tháinig laghdú 34% ar éifeachtúlacht fuinnimh sa bhliain 2021 i gcomparáid leis an bhfigiúr don bhliain 2020, is dóigh gur féidir an laghdú sin a chur síos don athbhorradh faoi úsáid fuinnimh tar éis roinnt srianta a bhaineann le paindéim COVID-19 a mhaolú. Léirítear sa tuarascáil freisin gur tháinig laghdú 3% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nach astaíochtaí leictreachais iad sa bhliain 2021 i gcoibhneas leis an meán-bhonnlíne don tréimhse 2016-2018 agus gur tháinig laghdú 14% ar astaíochtaí iomlána.
Dúirt an tAire Ryan:
"Tá earnáil phoiblí na hÉireann ar thús cadhnaíochta na hoibre chun an t-athrú aeráide a chomhrac cheana féin agus rachaidh sí níos faide fós sna blianta atá romhainn. Déanfaidh sí amhlaidh ar fhíorbhealaí praiticiúla a ndéanfaidh difear dá háiteanna oibre agus dá cleachtais oibre araon agus a gcabhróidh linn ár spriocanna foriomlána aeráide a bhaint amach.
"Oibríonn thart ar 350,000 duine sa tseirbhís phoiblí, a fhágann gur cuid an-mhór an-tábhachtach dár bpobal í. Ní bheidh sé éasca na hathruithe atá leagtha amach sa Sainordú seo a dhéanamh. Beidh orainn athruithe a dhéanamh sa dóigh a n-oibrímid, sa dóigh a bhfuilimid ag taisteal chun na hoibre le roinnt blianta anuas, nó sa dóigh a dtéimid ár n-áit oibre agus a n-iarfheistímid í. Mar sin féin, beidh deiseanna agus tairbhí ag baint leis na hathruithe sin freisin – oifigí níos teo, laghdú i gcleachtais dhiomailteacha oibre, laghdú i bplódú sna háiteanna ina bhfuil a lán oifigí suite, agus aistriú níos tapa chuig an laghdú in astaíochtaí is gá dúinn a bhaint amach faoi dheireadh na deacáide seo."
Dúirt an tAire Smyth freisin:
"Cuirim fáilte ar leith roimh an díriú ar sholáthar poiblí glas laistigh den Straitéis toisc gur féidir leis an earnáil phoiblí, mar mhórcheannaitheoir earraí agus seirbhísí, slabhraí soláthair a spreagadh táirgí níos glaine a thairiscint trína cleachtais soláthair.
"Mórchúis áthais dom ar leibhéal an-phraiticiúil is ea gníomhartha amhail an t-athbhreithniú beartaithe ar phróisis pháipéarbhunaithe, go háirithe sa saol digitithe seo, agus an scor de chupáin indiúscartha, plátaí indiúscartha agus sceanra indiúscartha a úsáid i gceaintíní in áiteanna oibre earnála poiblí. Laghdóidh na gníomhartha sin a dhiomailtí atá an tseirbhís phoiblí agus rachaidh siad chun tairbhe do sholáthar agus, rud ríthábhachtach, dár gcomhshaol freisin."
Leagadh an Sainordú Earnála Poiblí um Ghníomhú ar Son na hAeráide amach ar dtús sa Phlean Gnímh don Aeráid 2023, agus roinnt de na gníomhartha ag dul siar go Clár an Rialtais.
D’fhorbair an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide Straitéis Earnála Poiblí um Ghníomhú ar Son na hAeráide 2023-2025 i gcomhar le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI), leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, le ranna eile rialtais agus le gníomhaireachtaí Stáit freisin. Is é aidhm na straitéise comhsheasmhacht a sholáthar ar fud na seirbhíse poiblí agus an earnáil phoiblí a chur ar chonair shoiléir i dtreo laghdú 51% ar a laghad in astaíochtaí gás ceaptha teasa agus méadú 50% in éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach faoin mbliain 2030.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Sainordú Earnála Poiblí um Ghníomhú ar Son na hAeráide agus faoin Straitéis Earnála Poiblí um Ghníomhú ar Son na hAeráide 2023-2025, téigh chuig suíomh gréasáin na roinne.
CRÍOCH
Tá feidhm ag an Sainordú Earnála Poiblí um Ghníomhú ar Son na hAeráide 2023 maidir le gach comhlacht earnála poiblí, seachas scoileanna, údaráis áitiúla agus comhlachtaí tráchtála leathstáit.
Ceanglófar ar gach comhlacht earnála poiblí atá faoi réir an tSainordaithe Treochlár um Ghníomhú ar Son na hAeráide a fhorbairt, rud ina leagfar amach conas a chuirfidh siad an Sainordú chun feidhme chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus spriocanna laghdú astaíochtaí na hÉireann a bhaint amach. Is é cuspóir an Treochláir fís, straitéis agus pleanáil chomhchoiteann a spreagadh laistigh de gach eagraíocht. D’fhoilsigh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil treoir maidir le Treochláir a ullmhú, rud a nuashonrófar ar aon dul leis an sainordú um ghníomhú ar son na haeráide i mbliana.
Athbhreithneofar an Sainordú gach bliain le linn an nuashonrú bliantúil ar an bPlean Gnímh don Aeráid a ullmhú.
Dírítear sa Straitéis Earnála Poiblí um Ghníomhú ar Son na hAeráide 2023-2025 ar rialachas, rud a sainaithníodh a bheith ina cholún tábhachtach maidir le tacú leis an ról ceannaireachta is gá do dhícharbónú na hearnála poiblí a imirt sa mhóraistriú i dtreo aeráidneodrachta ar fud an náisiúin.
Tá na rannáin maidir le tuairisciú, maidir le treochláir, maidir le tathantóirí aeráide agus inbhuanaitheachta agus maidir le foirne glasa ceaptha chun treoir a sholáthar chun tacú leis an Sainordú Earnála Poiblí um Ghníomhú ar Son na hAeráide agus soláthrófar leo comhsheasmhacht sa ghníomhaíocht um ghníomhú ar son na haeráide atá ar bun ar fud na seirbhíse poiblí. Pléitear sa Straitéis freisin le soláthar poiblí glas, le taisteal inbhuanaithe, le cur chuige straitéiseach i leith na tógála agus le maoiniú.
Tá an Straitéis bunaithe ar raon beartas náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, na Pleananna bliantúla Gnímh don Aeráid, an Treoir Eorpach maidir le Feithiclí Glana, agus forbairtí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
Buntaca leis an Sainordú Earnála Poiblí um Ghníomhú ar Son na hAeráide agus leis an Straitéis Earnála Poiblí um Ghníomhú ar Son na hAeráide 2023-2025 is ea an Plean Gnímh don Aeráid 2023.
Is é an Plean Gnímh don Aeráid 2023, a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil ar Phlean Gnímh na hÉireann don Aeráid 2019. Is é an plean sin an chéad phlean riamh a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus tar éis buiséid charbóin agus uasteorainneacha astaíochtaí earnála ar fud an gheilleagair a thabhairt isteach. Is é an toradh a bheidh ar an bPlean Gnímh don Aeráid a chur chun feidhme ná go gcruthófar poist agus deiseanna eacnamaíocha nua agus go gcosnófar daoine agus an pláinéad. Is féidir leat amharc ar an bPlean Gnímh don Aeráid 2023 agus ar an iarscríbhinn gníomhartha a ghabhann leis ag www.gov.ie/climateaction.
Ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí sonraí bliantúla fuinnimh a thuairisciú d’Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) trí úsáid a bhaint as córas náisiúnta faireacháin agus tuairiscithe fuinnimh ar líne.
Sa Tuarascáil Bhliantúil 2022 maidir le Dícharbónú agus Feidhmíocht Éifeachtúlachta Fuinnimh na hEarnála Poiblí, ina dtugtar tuairisc ar shonraí don bhliain 2021, léirítear gur éirigh leis na 345 chomhlacht phoiblí agus leis an 2,898 scoil a thug tuairisc a n-éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú faoi 31.5% ar bhonn comhchoiteann ón mbliain 2009 i leith.